Wolfgang Ketterle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh i Heidelberg na Gearmáine is ea Wolfgang Ketterle (1957-). D'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe an chuid is mó dá shaolré. I 2001 bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic, le Carl Wieman is Eric Cornell, as a thaighde ar chomhdhlúthú Bose-Einstein gás caol de mhiotail alcaile—staid nua damhna — agus airíonna na gcomhdhlúthuithe céanna.