William Stokes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWilliam Stokes

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Deireadh Fómhair 1804
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Eanáir 1878
73 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Naomh Fhiontain, Cill Fhionntain Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann
Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdochtúir leighis, múinteoir ollscoile, cairdeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
PáisteMargaret Stokes, Whitley Stokes Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Lia a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea William Stokes (1 Deireadh Fómhair 180410 Eanáir 1878). Agus é fós ina mhac léinn d'fhoilsigh sé leabhar ar an steiteascóp is a úsáidí, an chéad leabhar Béarla ar an ionstraim nua sin. Lena chomhghleacaí in Ospidéal na Mí, Robert Graves, thug sé isteach cleachtadh stiúrtha i scrúdú praiticiúil is cóireáil na n-othar do mhic léinn míochaine, rud nach ndearnadh roimhe sin. Chuir sé síos don chéad uair ar análú deacair athraitheach a bhíonn ag seandaoine atá dian tinn le galar croí, a dtugtar análú Cheyne-Stokesruaigeanna Stokes-Adams air anois. Scríobh sé dhá théacsleabhar míochaine cháiliúla, Diagnosis and Treatment of Disease of the Chest (Diagnóisiú is Cóireáil Galar Cliabhraigh, 1837) agus Diseases of the Heart and Aorta (Galair an Chroí is an Aorta, 1854).

Toghadh mar uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann don tréimhse 1874–76. Dlíodóir fiú le rá agus scoláire an léinn Cheiltigh ab ea a mhac, Whitley Stokes, agus seandálaí agus scríbhneoir a iníon, Margaret Stokes.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "William Stokes". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 628.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]