William Parsons

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

3ú Iarla an Rois, réalteolaí a rugadh in Eabhrac Shasana ab ea William Parsons (1800-1867). Sna 1840idí thóg sé réadlann i gCaisleán Bhiorra is chruthaigh an teileascóp scáthánach le trastomhas 2 m, an teileascóp frithchaiteach ba mhó ar Domhan ag an am. D'éirigh leis scéim a cheapadh chun dhá scáthán mar seo, 4 thonna an ceann, a dhéanamh as cóimhiotal spéacalaim. Bhí an scáthán suite i bhfeadán adhmaid, 19 m ar fhad, is an feadán seo idir dhá bhalla throma saoirseachta. Thugtaí Leiviatan ar an teileascóp, an teileascóp ba mhó go ceann 70 bliain. Bhí an ionstraim seo chomh cumasach sin gurbh fhéidir réaltraí a bhreathnú leis, agus bhí an t-iarla in ann cur síos ar chruth bíseach cuid acu, rud nárbh eol ag an am. Thóg sé ionstraim eile le trastomhas 1 m freisin.