William Matthew Flinders Petrie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Flinders Petrie

Éigipteolaí Sasanach agus Ollamh le hÉigipteolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Londain ab ea William Matthew Flinders Petrie (3 Meitheamh 1853 - 28 Iúil 1942).

Baisteadh é as a sheanathair, an Captaen Matthew Flinders, taiscéalaí a rinne an chéad léarscáil iomlán de chósta na hAstráile.

Sa bhliain 1883 d'iarr Amelia Edwards air turas a dhéanamh ar son Chiste Taiscéalaíochta na hÉgipte (Egypt Exploration Fund), ciste a bhí sí tar éis a chur ar bun. Faoin mbliain 1884 bhí sé i mbun oibre. Ní raibh sé ar aon intinn le coiste an Chiste, dream a raibh drochmheas aige orthu mar mhaorlathaigh neamhinniúla. D'éirigh sé as a phost sa bhliain 1886 agus d'oibrigh ina aonar ar feadh seacht mbliana fichead sna háiteanna ba thábhachtaí sa tír.

Meastar gurbh eisean a bhunaigh Éigipteolaíocht an lae inniu, ós eisean ba thúisce a bhain feidhm as modhanna eolaíocha san Éigipt, leithéid na strataimeolaíochta: baintear rudaí amach dá réir ó shraith i ndiaidh sraithe (seift a ligeann duit iad a dhátú níos cruinne). Sin mar a dhéantar fós é.

Rinne Petrie tochailt i dhá cheann déag de na láithreáin Éigipteacha ba mhó. Orthu sin bhí reilig Hauwarâ el-Maqta sa Fayoum, áit ar fhág sárphortráidí na marbh clú uirthi, Tell al-Amarna, príomhchathair Aichéanatan, agus pirimid Meïdoum. Rinne sé tochailt an-chúramach i bpirimid mhór Giza ó 1880 go 1883, agus eisean a tháinig ar na blúirí de dhealbh ollmhór de Raimséas sa bhliain 1884. Rinneadh ball den Chumann Ríoga de sa bhliain 1902. Cailleadh in Iarúsailéim é, áit a raibh sé i mbun tochailte ón mbliain 1927 amach. Bhí os cionn dhá scór imleabhar de thuairiscí scríofa aige agus beagnach naoi gcéad alt agus léirmheas.