William James MacNeven

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lia is ceimicí a rugadh i mBaile na hAbhna, Contae na Gaillimhe, ab ea William James MacNeven (1763-1841). Oileadh é sa Vín agus Prág. Ar ais i mBaile Átha Cliath bhí sé i gceannas sa Chumann Caitliceach agus na hÉireannaigh Aontaithe. Cuireadh i bpríosún é i 1798. Nuair a saoradh é i 1802 cuireadh bac air filleadh go hÉirinn, agus i 1803 chuaigh sé go Nua-Eabhrac. Luigh sé isteach ar thaighde sa cheimic in Ollscoil Nua-Eabhrac, ar uisce mianraí Nua-Gheirsí ar dtús, tionchar uisce ar shláinte an phobail, agus comhdhúile bairiam is cailciam. Scríobh sé An Exposition of the Atomic Theory (Míniú ar an Teoiric Adamhach, 1819). Chuir sé an cheimic go mór chun cinn i Meiriceá, ionas gur tugadh ‘athair na ceimice Meiriceánaí’ mar leasainm air.