William Huggins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réalteolaí a rugadh i Londain ab ea William Huggins (1824-1910). Thóg sé réadlann i 1855, agus cheap an speictreascóp réaltach a bhí an-tábhachtach in anailísiú chomhdhéanamh fisiciúil na réaltaí, na bpláinéad, na gcóiméad, is na néalta. Rinne sé amach gur astaigh na cóiméid solas gás carbóin lonraigh (1868), agus ríomh an méid teasa a shroicheann an Domhan ó chuid de na réaltaí.