William Howard Stein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bithcheimicí a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea William Howard Stein (1911-1980). Le Stanford Moore cheap sé modh cromátagrafach chun aimínaigéid a ionannú is a thomhas i meascáin próitéiní ó fhíocháin fhíseolaíocha (1950). I 1958 cheap siad anailíseoir uathoibríoch chun struchtúr RNA a dhéanamh amach. Roinn siad Duais Nobel sa cheimic le Christian Anfinsen i 1972 as an obair sin.