William Higgins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i gCúil Mhuine, Contae Shligigh, ab ea William Higgins (1763-1825). D'fhoilsigh sé The Comparative View of the Phlogistic and Antiphlogistic Theories (Léargas Comparáideach ar an Teoiric Fhlógastónach is an Teoiric Fhrithfhlógastónach, 1789) a chabhraigh go héifeachtach le hobair thurgnamhach Lavoisier chun coincheap an fhlógastóin a ruaigeadh. Chuir sé go mór le bunú na ceimice eolaíochtúla cainníochtúla.