William Hayes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWilliam Hayes
Beathaisnéis
Breith18 Eanáir 1913
Bás7 Eanáir 1994
80 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmlia mileata, géineolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Dhún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Gradam a fuarthas

Eolaí is dochtúir a saolaíodh i mBaile Átha Cliath ab ea William Hayes (1913-1994). Gníomhréim fhada chuimsitheach aige san India, in Éirinn, an Bhreatain agus an Astráil. Sna 1950idí, freagrach as fionnadh ghéineolaíocht na mbaictéar, timpeall an ama chéanna a bhí Watson is Crick ag léiriú struchtúr déhéilisce an DNA den chéad uair. D'fhoilsigh sé leabhar cáiliúil ar a thaighde, The Genetics of Bacteria and their Viruses (Géinitic na mBaictéar is a Víreas, 1964), lámhleabhar ag mic léinn thar bhlianta fada. Leag sé bunchlocha tábhachtacha sa bhitheolaíocht mhóilíneach agus an innealtóireacht ghéiniteach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "William Hayes". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 342.