William Dampier

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Loingseoir is foghlaí mara a rugadh i Yeovil Shasana ab ea William Dampier (1652-1715). I 1683 sheol sé trasna an Aigéin Chiúin agus chuaigh i dtír sna hOileáin Fhilipíneacha, an tSín is an Astráil. I 1699 rinne sé aistear don Aigéan Ciúin agus taiscéaladh ar chósta thiar thuaidh na hAstráile.