William Bradford Shockley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Londain, a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe ab ea William Bradford Shockley (1910-1989). I 1947 chuidigh sé le ceapadh an trasraitheoir pointe teagmhála, rud a chuir tús le réabhlóid sa leictreonaic —cúrsaí raidió, teilifíse, teileachumarsáide is ríomhaireachta — agus réabhlóid iarmharach sa saol. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic le Bardeen is Brattain i 1956.