William Bowles

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWilliam Bowles
Beathaisnéis
Breith1705
Contae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Lúnasa 1780
74/75 bliana d'aois
Maidrid, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreBitheolaíocht, luibheolaíocht agus tíreolaíocht
Gairmnádúraí, luibheolaí, bitheolaí, tíreolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Spáinnis

Nádúraí, ceimicí is réalteolaí a rugadh gar do Chorcaigh ab ea William (Guillermo) Bowles (172023 Bealtaine 1780). Thaistil sé sa bhFrainc is sa Ghearmáin chun staidéar a dhéanamh ar stair an dúlra. Thug rialtas na Spáinne údarás dó mianaigh na tíre sin a bhreithniú, bailiúchán stair an dúlra a dhéanamh, saotharlann cheimiceach a bhunú, agus na mianaigh mearcair in Almadén a athbheochan. Thaispeáin sé nach cóimhiotal iarainn is óir é platanam, agus scríobh An Introduction to the Natural History and Physical Geography of Spain (Bunléargas ar Stair Dúlra is Geografaíocht Fhisiciúil na Spáinne, 1775). Mar thoradh, bhí rí na tíre sásta Comhairle Stair an Dúlra a bhunú i 1752, agus Músaem Stair an Dúlra i Maidrid i 1753 is Bowles mar phríomheolaí ann. I Maidrid a d'éag sé sa bhliain 1780.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "William Bowles". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 86.