Westlife

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí banna Is popbhanna Éireannach é Westlife as Sligeach agus Baile Átha Cliath. Tháinig Kian Egan, Mark Feehily, Shane Filan, Nicky Byrne, agus Brian McFadden le chéile i 1998 agus scaoil siad a gcéad albam - Westlife i 1999. Is é Louis Walsh (iar-bhainisteoir Boyzone) a mbainisteoir. Faoi láthair, tá sé albam acu agus chuaigh trí cinn go dtí an chéad áit sna cairteacha sa Ríocht Aontaithe. Tá 14 shinglí a chuaigh go dtí uimhir 1 acu. D'fhág Brian McFadden an banna i 2004 ach lean Westlife ar aghaidh gan é.

Foirmiú

Roimh Weslife bhí Kian, Mark agus Shane i bpopbhanna eile darbh ainm IOYOU le triúr fear eile ó Sligeach. Bhí Mary McDonagh mar bhainisteoir an bhanna agus cuireadh singil amach darbh ainm "Together Girl Forever". D'imigh máthair Shane i dteagmháil le bainisteoir Boyzone, Louis Walsh, bhí suim aige sa bhanna ach ní raibh Simon Cowell sásta go leor leo. Bhí triúr caite amach ón mbanna agus bhí triallaithe do bheirt ball nua eagraithe i mBaile Átha Cliath, sa chaoi seo tháinig siad ar Brian McFadden agus Nicky Byrne. Foirmíodh an grúpa nua seo ar 3ú Iúil 1998 faoin ainm Westside ach bhí an t-ainm seo tógtha cheanna féin agus athraíodh é go Westlife.

Dioscliosta

Albam Dáta Buacphointí ar an gCairt
ÉIRE AST OST GEA ÍSI N-S IOR SUA EIL RA
Westlife 1 Samhain, 1999 1 15 55 8 5 1 5 25 2
Coast to Coast 6 Samhain, 2000 1 40 59 19 13 2 6 3 38 1
'World of Our Own 12 Samhain, 2001 1 9 8 10 3 7 1 19 1
Turnaround' 24 Samhain, 2003 1 42 20 33 42 37 5 24 1
Allow Us to Be Frank 6 Samhain, 2004 2 30 32 5 75 3
Face to Face 31 Deireadh Fómhair, 2005 1 1 18 30 7 9 14 1
The Love Album 20 Samhain, 2006 1 11 49 34 49 2 1 3 27 1
Back Home 5 Samhain, 2007 1 14 65 45 48 12 18 33 19 1
Where We Are 30 Samhain, 2009 2 53 42 13 8 25 2
Gravity 22 Samhain, 2010 1 76 22 46 50 3

Camchuairteanna

Naisc sheactracha