Westlife
| Westlife | |
| Tír | |
| Gníomhach | 1998-inniu |
| Seánra(í) ceoil | Pop-cheol |
| Baill | Nicky Byrne, Kian Egan, Mark Feehily, Shane Filan |
| Iar-bhaill | Bryan McFadden |
| Suíomh gréasáin | www.westlife.com |
Is popbhanna Éireannach é Westlife as Sligeach agus Baile Átha Cliath. Tháinig Kian Egan, Mark Feehily, Shane Filan, Nicky Byrne, agus Brian McFadden le chéile i 1998 agus scaoil siad a gcéad albam- Westlife i 1999. Is é Louis Walsh (iar-bhainisteoir Boyzone) a mbainisteoir. Faoi láthair, tá sé albam acu agus chuaigh trí cinn go dtí an chéad áit sna cairteacha sa Ríocht Aontaithe. Tá 14 shinglí a chuaigh go dtí uimhir 1 acu. D'fhág Brian McFadden an banna i 2004 ach lean Westlife ar aghaidh gan é.
[athraigh] Foirmiú
Roimh Weslife bhí Kian, Mark agus Shane i bpopbhanna eile darbh ainm IOYOU le triúr fear eile ó Sligeach. Bhí Mary McDonagh mar bhainisteoir an bhanna agus cuireadh singil amach darbh ainm "Together Girl Forever". D'imigh máthair Shane i dteagmháil le bainisteoir Boyzone, Louis Walsh, bhí suim aige sa bhanna ach ní raibh Simon Cowell sásta go leor leo. Bhí triúr caite amach ón mbanna agus bhí triallaithe do bheirt ball nua eagraithe i mBaile Átha Cliath, sa chaoi seo tháinig siad ar Brian McFadden agus Nicky Byrne. Foirmíodh an grúpa nua seo ar 3ú Iúil 1998 faoin ainm Westside ach bhí an t-ainm seo tógtha cheanna féin agus athraíodh é go Westlife.
[athraigh] Dioscliosta
- 1999: Westlife #2 RA
- 2000: Coast to Coast #1 RA
- 2001: World of our Own #1 RA
- 2002: Unbreakable - The Greatest Hits Vol I #1 RA
- 2003: Turnaround #1 RA
- 2004: Allow Us To Be Frank' #3 RA
- 2005: Face to Face #1 RA
- 2006: The Love album #1 RA
- 2007: Back Home
[athraigh] Naisc sheactracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.