Werner von Haeften

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWerner von Haeften

(1939) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Deireadh Fómhair 1908
Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Iúil 1944
35 bliana d'aois
Tiergarten Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Áit adhlacthaAlter St.-Matthäus-Kirchhof Berlin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaineolaí dlí, trodaí frithbheartaíochta, saighdiúir, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1939 –
Gairm mhíleata
Brainse míleataWehrmacht
Céim mhíleataOberleutnant Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
TeaghlachHaeften family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHans von Haeften
SiblínHans Bernd von Haeften
Gradam a fuarthas

Oifigeach Gearmánach ab ea Werner Karl von Haeften a bhí ina aidiúnach ag Claus von Stauffenberg, ceann feadhna na gcomhcheilgeoirí a rinne iarracht Adolf Hitler, deachtóir na Gearmáine, a mharú ar an 20 Iúil 1944. Rugadh Haeften ar an 9 Deireadh Fómhair 1908, agus cuireadh chun báis é ar an 21 Iúil 1944.

Ba iad Hans von Haeften agus Agnes von Brauchitsch tuismitheoirí Werner Karl. Oifigeach agus cartlannaí ab ea an t-athair—bhí sé ina ghinearál agus, seal sna 1930idí, ina stiúrthóir ar an Reichsarchiv (cartlann náisiúnta na Gearmáine). Chuaigh an mac leis an dlí mar shlí bheatha, ach ar ndóigh chaith sé seal sna saighdiúirí le céim oifigigh a bhaint amach. Bhí sé ag obair ina shaineolaí dlí i mbanc áirithe i Hamburg, ach nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh sé chun cogaidh chomh maith le duine. Goineadh go trom é sa chathéadan thoir, is é sin sa Rúis, agus i ndiaidh dó tamall a chaitheamh ag téarnamh san ospidéal fuair sé post i gceanncheathrú an Ersatzheer, is é sin, an chuid den Wehrmacht a bhí fágtha sa bhaile ag tabhairt aire don Ghearmáin féin.

Bhí Haeften sáite go domhain i bpleananna na comhcheilge, agus é ag leanúint Stauffenberg go tiubh, mar is dual don aidiúnach. Bhí sé i láthair freisin nuair a d'fhág Stauffenberg an buama sa teach ina raibh Hitler agus na ginearáil ag teacht le chéile. Nuair a tháinig chun solais nár mharaigh an buama Hitler i ndiaidh an iomláin, gabhadh Haeften in éineacht le Stauffenberg, agus nuair a bhí na comhcheilgeoirí á gcur chun báis, chaith Haeften é féin os comhair Stauffenberg le hé féin a íobairt ar son an fhir eile.

Adhlacadh Haeften agus Stauffenberg, chomh maith leis na fir a básaíodh ag an ócáid chéanna, i Seanreilig Naomh Maitias i Schöneberg, Beirlín. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, d'ordaigh Heinrich Himmler, ceannasaí an SS, na fir a dhí-adhlacadh agus na corpáin a chur trí thine.