Werner von Braun

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eolaí ceannródaíoch roicéad a rugadh i Wyrzysk na Polainne (Wirsitz na Gearmáine ag an am) ab ea Werner von Braun (1912-1977). Ó 1936, ina stiúrthóir ar shaotharlann thaighde roicéad i bPeenemünde. Shaothraigh sé na roicéid V-2 a lainseáladh ar Londain i 1944. Tar éis an dara cogadh domhanda d'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe, agus bhí freagrach as an roicéad a lainseáil an chéad saitilít shaorga Mheiriceánach i 1958.