Wells Fargo
| Wells Fargo | |
| Saghas Comhlachta | Comhlacht poiblí (NYSE: WFC) |
| Bunaithe | 1852, Nua-Eabhrac |
| Suíomh | San Francisco, California, SAM |
| Daoine Lárnacha | Richard Kovacevich, John Stumpf |
| Méid fostaithe | 160,000 (2007) |
| Tionscail | Seirbhísí airgeadais |
| Láithreán Gréasáin | www.WellsFargo.com |
Is comhlacht seirbhísí airgeadais é Wells Fargo.
Stair [athraigh]
Chuir an borradh mór a tháinig ar gheilleagar Chalifornia i ndiaidh gur thángthas ar ór ag Muileann Sutter i 1849 fás ar thionscal an iompair.
Bhunaigh Henry Wells agus William Fargo, i bpáirt le hinfheisteoirí eile, sa bhliain 1852 an comhlacht Wells Fargo le freastal ar éileamh an iompair.
D'iompar an comhlacht a chéad ualaí ó Chósta an Oirthir go dtí campaí mianadóireachta i gCailifornia. Chomh maith le cúrsaí iompair bhí an comhlacht ag saothrú seirbhís baincéireachta.
D'ofráil Wells Fargo iasachtaí airgid dóibh siúd a bhí suim acu ór a cheannach agus a dhíol, rud a chuidigh go mór le fás gheilleagar Chalifornia.
Cóiste scitheanna an modh iompair ba ghnách leo a úsáid leis an deannach óir agus cáipéisí tabhtacha gnó a iompar.