Violet Florence Martin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba údar Éireannach í Violet Florence Martin (1862-1915) a chomh-scríobh sraith úrscéalta lena col ceathrar Edith Sommerville faoin ainm cleite Martin Ross ag deireadh an 19ú haois agus tosach an 20ú haois. Rugadh í i gConamara, an leanbh ba óige de chlann seisear leanbh déag. Chuir sí aithne ar Edith Somerville as tús na 1880í agus lean a gcomhoibriú ar aghaidh go dtí a bás.

I measc a saothar tá na leabhair seo a leanas:

  • The Real Charlotte (1889)
  • Some Reminisences of an Irish R.M.
  • In The Vine Country

Gortaíodh go dona í i dtimpiste marcaíochta i 1899 agus ní raibh a sláinte go maith aici ina dhiadh sin.