Vicipéid na Cóiréise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid na Cóiréise
TeangaAn Chóiréis
Dáta cruthaithe11 Deireadh Fómhair 2002
CeadúnasCreative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) Aistrigh agus Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
Cainéal IRCirc://irc.freenode.net/#wikipedia-ko
Staitisticí
Ailt664,129
Úsáideoirí cláraithe834,767
Riarthóirí30
Leathanaigh iomlána3,199,554
Comhaid áitiúla13,757
Vicipéid na Cóiréise
Ag ceiliúradh 300,000 alt ar Vicipéid na Cóiréise
Vicipéideoirí ag bualadh le hoifigeach ó Fhondúireacht Wikimedia sa Chóiré Theas

An leagan Cóiréise de Vicipéid is ea Vicipéid na Cóiréise (Cóiréis: 한국어 위키백과; Hangugeo Wiki-baekgwa). Cuireadh ar bun í i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2002. Ní raibh ach fás mall inti ar feadh tamaill de bharr fadhbanna teicniúla a bhain leis an gcóras scríofa Hangul a úsáidtear leis an gCóiréis a scríobh. Shroich Vicipéid na Cóiréise 10,000 alt ar 4 Meitheamh 2005. Ar an 13 Eanáir 2018, bhí 406,742 alt ann.

Tá dhá chiclipéid eile ar líne i gCóiréis, is é sin le rá an Doopedia (479,645 alt) agus an Rigveda Wiki (276,740). Is iad Vicipéidí na Cóiréise agus na Sínise na haon Vicipéidí nach na ciclipéidí ar líne is mó iad ina dteangacha áitiúla féin.

Mar gheall ar an gcinsireacht dhian atá i bhfeidhm sa Chóiré Thuaidh, tá eagarthóirí ón gCóiré Theas ina dtromlach mór orthu siúd a oibríonn uirthi. Fágann sin go bhfuil an chuid is mó den téacs inti scríofa i gcanúint an deiscirt. De réir tuairisc san iris Wired, tá an Wikimedia Foundation ag obair le gníomhaithe ón Tuaisceart le leagan de Vicipéid na Cóiréise sa chanúint thuaisceartach a chur ar fáil. Cuirfear é sin ar gach flaistiomántán (nó méaróg USB) a smuigleáiltear isteach sa Chóiré Thuaidh.[1]

Tugtar cead úsáid a bhaint as ábhar ó Vicipéid na Cóiréise, rud a dhéanann gnólachtaí sa Chóiré Theas go rialta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ”Flash Mob: Dissidents Are Trying to Take Down the North Korean Regime, One USB stick at a Time”, Andy Greenberg, Wired, Aibreán, 2015, lch. 76