Vicipéid an Bhéarla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Vicipéid Bhéarla)
WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid an Bhéarla
TeangaAn Béarla
Dáta cruthaithe15 Eanáir 2001
CeadúnasCreative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) Aistrigh, Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor agus Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (en) Aistrigh
Cainéal IRCircs://irc.libera.chat:6697/wikipedia-en
Aibítiraibítir Laidineach
Staitisticí
Ailt6,791,921
Úsáideoirí cláraithe47,037,038
Riarthóirí865
Leathanaigh iomlána60,121,309
Comhaid áitiúla914,152
Vicipéid an Bhéarla

Is í Vicipéid an Bhéarla (as Béarla, English Wikipedia) an leagan Béarla den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid. Is é leagan an Bhéarla an leagan is mó agus is sine i dteanga ar bith. Ciclipéid Ghréasán-bhunaithe, ilteangach is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus bíonn sé de dheis ag duine ar bith le rochtain Idirlín acu a bhfuil ann a athrú. Is é an chiclipéid is mó ar domhan é, is tá breis is 5.5 mhilliún alt ann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Wikipedia (comhfhocal den fhocal Havaíoch wiki – "scioptha" agus an focal Béarla encyclopedia) ar an bhfód sa bhliain 2000[1] mar chomhthogra den chiclipéid phroifisiúnta Nupedia. Tá an togra ar fad faoi stiúir an eagrais Wikimedia Foundation a fheidhmíonn ar bhonn neamh-bhrabach. Braitheann an eagraíocht ar shíntiúis le coinneáil ag imeacht.

Ó bunaíodh í, tá clú agus cáil na Vicipéide tar éis fás go sciobtha. Tá roinnt tograí eile (Wikibooks, Wiktionary, srl.) atá gaolta leis an Vicipéid tar éis teacht chun cinn de bharr caithréime na Vicipéide.

Luaitear an Vicipéid go minic sna meáin agus sa saol acadúil ach fós féin, tá roinnt ceisteanna ardaithe maidir le iontaofacht na Vicipéide. Tá moladh agus cáineadh faighte aici maidir leis an tslí a dháiltear í, a eagraítear de shíor í, an clúdach leathan atá aici chomh maith leis an ngné ilteangach atá ag baint léi. Moltar go láidir d'eagarthóirí cloí le dearcadh neodrach sa tslí is go ndéantar achoimriú ar dhearcaí éagsúla ar ábhar ionas nach mbíonn ailt scríofa i mbealach claonta.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá conspóid ag baint leis an Vicipéid mar shaothar tagartha. De bharr go bhfuil sí an-oscailte tarlaíonn loitiméireacht (creachadóireacht), míchruinneas, neamhchomhsheasamacht, caighdeán measctha agus tuairimí gan bunús. Cuireadh ina leith freisin go bhfuil easpa údaráis agus easpa freagrachta ag baint léi. É sin ar fad ráite, tá tóir mhór ann le haghaidh scóip agus doimhneas a cuid alt, chomh maith lena hathruithe rialta agus úsáidtear go rialta í mar fhoinse thagartha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]