Vicipéid:Réamhrá 2

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cuma má tá sé i gceist agat feabhas a chur ar na hailt atá ar an Vicipéid cheana féin, nó ailt nua a chruthú, beidh scileanna áirithe uait chun an obair sin a dhéanamh. Is é an aidhm atá ag an leathanach seo ná roinnt eolais a chur ar fáil maidir leis na scileanna sin.

'Cuir in eagar' vs. 'Cuir foinse in eagar'

Is féidir alt a chur in eagar ach cliceáil nó tapáil ar Cuir in eagar.
Tá sé sách éasca mionathruithe a dhéanamh ar alt – mar shampla, focail a bhaint amach as nó a chur leis. Níl le déanamh agat ach cliceáil nó tapáil ar Cuir in eagar ag barr an ailt, do rogha athruithe a dhéanamh, agus cliceáil nó tapáil ar Foilsigh athruithe. Is é an tEagarthóir Físiúil a thugtar ar an gcóras sin, agus ní mó an difríocht atá idir é agus a bheith ag scríobh i ndoiciméad Word. Is féidir téacs, nótaí, tagairtí, íomhánna, físeáin, naisc inmheánacha, naisc sheachtracha agus a leithéid a chur le halt tríd an gcóras sin.

Má tá sé i gceist agat a bheith ag plé go mion minic le formáidiú atá beagáinín níos casta, áfach, seans go rachaidh sé chun do leasa rud nó dhó a fhoghlaim faoi Cuir foinse in eagar (is é sin, an tEagarthóir Foinseach) chomh maith.

Conas cur síos a dhéanamh ar an athrú (nó na hathruithe) atá déanta agat

Na roghanna atá ann agus athrú á fhoilsiú
Nuair a ndéanfaidh tú cliceáil nó tapáil ar Foilsigh athruithe feicfidh tú bosca ag iarraidh ort cur síos a dhéanamh ar an athrú (nó na hathruithe) atá déanta agat ar an alt. Ní miste cúpla focal a scríobh sa bhosca.

Más mionathrú atá i gceist – ag ceartú botún cló, nó a leithéid – is féidir tic a chur in aice Is mionathrú é seo, agus más maith leat súil a choimeád ar an alt sin amach anseo is féidir tic a chur in aice Déan faire ar an lch seo chun an leathanach a chur ar do liosta faire.

An Clár Dubh

Conas teacht ar an Clár Dubh

Rud eile is fiú a lua anseo maidir leis an eagarthóireacht ná an Clár Dubh – tá ceann dá chuid féin ag gach uile úsáideoir, agus is spás é ar féidir leat úsáid a bhaint as chun cleachtadh a dhéanamh ar eagarthóireacht na Vicipéide. Is féidir teacht air sa roghchlár sa chúinne ag barr ar dheis, is cuma cén áit ina bhfuil tú ar an Vicipéid.

Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoin eagarthóireacht agus faoi conas ailt nua a chruthú ag na naisc thíos.

(Ná déan dearmad cuntas a chruthú sula rachaidh tú i mbun oibre!)

Naisc


RéamhráEagarthóireachtCeisteanna agus comhluadar