Vicipéid:Fabht-thuairiscí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhadlann1.

Tá córas nua eagarthóireachta ar fáil do na riarthóirí anois. Cuir anseo thios moltaí maidir le droch-aistriúchán sa chomhéadan. Evertype 11:53, 20 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]

An Cnaipe Téir[athraigh foinse]

I mo thuairimse, níl an focal téir feiliúnach don chnaipe seo. Is leagan canúnach é don bhriathar "Téigh" (tá sé liostáilte mar mhalairtbhriathar ag Ó Dónaill). B'fhearr "Téigh" nó "Gabh" fiú.

Nmacu 21:57, 23 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

Treoracha ar an leathanach eagarthóireachta[athraigh foinse]

Tá roinnt moltaí agam i leith an leathanaigh seo:

Beidh do chuid athruithe infheicthe go díreach. Moladh> Beidh do chuid athruithe infheicthe ar an toirt.

- Tacaím le moladh mo dhuine. Panu Petteri Höglund 11:09, 24 Eanáir 2007 (UTC)[reply]


Má tá sé ag teastáil uait tástáil a dhéanamh, bain úsáid as an gclár dubh. Moladh> Má theastaíonn uait rud a thástáil, bain úsáid as an gclár dubh.

- Tacaím leis an moladh. Panu Petteri Höglund 11:09, 24 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

Cuirtear misneach ionat ailt a chruthú agus a fheabhsú. Moladh> Ná bíodh imní ort ailt a chruthú agus a fheabhsú.

- Níl mé cinnte an é "imní" an focal ceart...Cad a shíleann sibh den leagan seo: Tá fáilte romhat bun a chur le halt nua nó feabhas a chur ar alt atá ann cheana? Panu Petteri Höglund 11:09, 24 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

Déarfainn go bhfuil an ceart agat faoi "imní". I mo thuairim, bheadh rud éigin a chur ar bun níos coitianta ná bun a chur le rud éigin Cad faoi: Tá fáilte romhat alt nua a thosú nó feabhas a chur ar alt atá ann cheana? Nmacu 21:34, 24 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

Féachann an comhphobal chuige go tapaidh go gcoimeádfaí do chuid athruithe de réir caighdeáin. Moladh> Tabharfaidh an comhphobal tacaíocht duit cloí leis an gcaighdeán

- Sea, nó: Cabhróidh an comhphobal leat cloí leis an gcaighdeán. Panu Petteri Höglund 11:09, 24 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

Tá sé sin togha. Nmacu 21:34, 24 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

Luaigh do chuid foinsí go mbeadh sé ar a chumas do dhaoine eile do chuid oibre a scrúdú. Moladh> Luaigh do chuid foinsí ionas go mbeidh sé ar chumas dhaoine eile do chuid oibre a fhaomhadh.

- Ar cumas daoine eile, dar liom - gan séimhiú. Agus ní maith liom faomhadh - cad é an Ghaeilge is fearr ar verifyvindicate? Dearbhú, nó deimhniú? Panu Petteri Höglund 11:09, 24 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

Tá an ceart agat faoi Ar cumas daoine eile - thosaigh mé ar rud eile a scríobh agus níor cheartaigh mé ansin é. Bheadh "a dheimhniú" togha in ionad "a fhaomhadh". Nmacu 21:34, 24 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

Ar leathanaigh phlé, sínigh do chuid thuairimí le ceithre thilde a chlóscríobh. Moladh> Ar leathanaigh phlé, sínigh do chuid tuairimí trí cheithre tilde a chlóscríobh.

Tugtar faoi deara: Scaoiltear gach athrú faoin Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor (féach ar VP:Cóipchearta). Moladh> Scaoiltear gach athrú faoin gCeadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor (féach ar VP:Cóipchearta).

Munar mian leat go gcuirfí do chuid scríbhinn in eagar go héadrócaireach agus go n-athdálfaí gan teorainn é, ná tabhair isteach anseo é. Moladh> Munar mian leat go gcuirfí do chuid scríbhinn in eagar go héadrócaireach agus go n-athdálfaí gan teorainn í, ná seol é.

Ní féidir inneachar a chóipeáil isteach go díreach, ach amháin má tá acmhainn ón bhfearann poiblí i gceist—níl an chuid is mó de leathanaigh Idirlín ar chinn acu. Moladh> Ní féidir ábhar a chóipeáil isteach go díreach, ach amháin más acmhainn ón bhfearann poiblí atá i gceist — níl an chuid is mó de leathanaigh Idirlín in áirithe leis seo.

Nmacu 21:57, 23 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

Leasaigh mé na teachtaireachtaí MediaWiki seo thuas go léir. Go raibh maith agaibh as na moltaí! --Gabriel Beecham 23:21, 24 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

Noda ar na cnaipí eagarthóireachta[athraigh foinse]

Tá cúpla moladh agam i leith na nod a thagann aníos thar na cnaipí eagarthóireachta:

Foirmle matamaitice Moladh> Foirmle mhatamaitice (tá foirmle baininscneach)

Scaoil tharat an vicífhormáidiú Moladh> Cuir Vicífhormáidiú ar ceal (d'fhéadfaí an "Cuir" a fhágáil amach)

Líne cothrománach (inúsáidte go coigilteach) Moladh> Líne chothrománach (ná húsáid ró-mhinic í) (d'fhéadfaí an "í" a fhágáil amach)

Nmacu 21:57, 23 Eanáir 2007 (UTC)[reply]

mo liosta faire[athraigh foinse]

"Is iad seo a leanas na 11 athruithe is déanaí sna 3 lae seo caite." Moladh>"Is iad seo a leanas an 11 athrú is déanaí sa 3 lá seo caite." [sílim go dtagann an uimhir uatha d'ainmfhocail i ndiaidh uimhreacha]

Ceartaithe, mar seo: 11 líon na n-athrú is déanaí sa 3 lá seo caite. Evertype 10:14, 7 Bealtaine 2007 (UTC)[reply]

"Líon na n-uaireanta is déanaí le taispeáint: 1 | 2 | 6 | 12. Líon na laethanta is déanaí le taispeáint: 1 | 3 | 7. Taispeáin an t-iomlán. Moladh>Nílim cinnte ach sílim go bhfuil gá le hathscríobh a dhéanamh air mar go bhfuil an t-aistriúchán ón mBéarla beagánín tútach. Nmacu 22:22, 25 Eanáir 2007 (UTC) Níor athruigh mé é. Evertype 10:14, 7 Bealtaine 2007 (UTC)[reply]