Vibrio cholerae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is baictéir lascaideach Gram-dhiúltach camóg-chruthach é an Vibrio cholerae a bhíonn freagrach as an galar calar sa chine daonna. Baineann an V. cholerae agus speicis eile sa ghéineas Vibrio leis an bhforoinn gáma de chuid na bPrótabhaictéir.

Vibrio cholerae íomhá ó leictreonmhicreascóp scanacháin

Tá dhá bhitíopa den V. cholorae aitheanta tré thástálacha haemaígleanúna, clasaiceach agus El Tor, agus go leor foghrúpaí. faighter an bitíopa clasaiceach amháin i mBanglaidéis, cé go bhfuil El Tor ar fáil fud fad an domhain.