Verfassungsschutz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lógó

Is é an Verfassungsschutz, nó Cosaint an Bhunreachta (fíorainm: Bundesamt für Verfassungsschutz, nó Údarás na Cónaidhme um Chosaint an Bhunreachta) údarás inmheánach faisnéise na Gearmáine. Is minic a deirtear gurb é an fórsa póilíneachta polaitiúil é, ach níl cumhachtaí na bpóilíní ag lucht cosanta an bhunreachta - ní bhíonn siad go bunúsach ach ag bailiú faisnéise.

Tugtar "Uachtarán" nó Präsident ar cheannasaí an údaráis, agus é ag obair d'Aire Gnóthaí Inmheánacha na Cónaidhme (Bundesinnenminister). Tá ceanncheathrú fheidearálach Chosaint an Bhunreachta suite i gKöln, ach thairis sin, tá údaráis chosúla i stáit na Cónaidhme go léir, agus iad ag obair d'Airí Gnóthaí Inmheánacha a stát féin. Uaireanta, bíonn an t-údarás feidearálach agus údaráis na stát éagsúil ag teacht salach ar a chéile, agus is minic a deirtear gur chóir don Ghearmáin seirbhísí na faisnéise inmheánaí a lárú in aon ionad amháin. Cuid thábhachtach de chultúr pholaitiúil na tíre é dílárú agus déabhlóid na cumhachta, ós stát cónaidhme nó stát feidearálach í an Ghearmáin inniu. Mar sin, níor tháinig údaráis na cónaidhme agus na stát ar chomhréiteach faoi athchóiriú Chosaint an Bhunreachta go fóill.

Tá cuspóirí an údaráis bunaithe ar an tríú mír sa Dlí um Chosaint an Bhunreachta (Bundesverfassungsschutzgesetz) ón 30 Mí na Nollag 1990.

Samplaí den chineál dreamanna a raibh an tÚdarás ag coinneáil súile orthu i rith na mblianta is ea iad:

  • antoiscigh na heite deise, go háirithe na ciníochaithe agus na Nua-Naitsithe
  • an Eoleolaíocht, nach nglactar léi mar reiligiún dleathach sa Ghearmáin
  • daoine ó thíortha Cumannacha (i mblianta an Chogaidh Fhuair) a d'éalaigh ó na tíortha sin, nó bhí a fhios ag an Údarás go raibh cuid acu ar adhastar ag na Sóivéadaigh