Vasil Bykaŭ

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVasil Bykaŭ

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(be) Васіль Быкаў
Beathaisnéis
Breith19 Meitheamh 1924
Byčki, An Bhealarúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Meitheamh 2003
79 bliana d'aois
Barawlyany, An Bhealarúis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaEastern Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Member of the Council of the Republic of Belarus (en) Aistrigh
List of members of the Supreme Soviet of the Byelorussian SSR (1975–1979) (en) Aistrigh
List of members of the Supreme Soviet of the Byelorussian SSR (1985–1990) (en) Aistrigh
List of members of the Supreme Soviet of the Byelorussian SSR (1980–1985) (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síVitebsk People's Art School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Bhealarúisis
Gníomhaíocht
Réimse oibreBelles-lettres
Gairmscríbhneoir, iriseoir, scríbhneoir scripte, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1940 –  2003
Ball de
SeánraÚrscéal gairid, gearrscéal, iriseoireacht tuairimíochta agus aiste
TeangachaAn Bhealarúisis agus an Rúisis
Gairm mhíleata
GéillsineAn tAontas Sóivéadach
Céim mhíleatasenior lieutenant (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Fronta Thoir (An Dara Cogadh Domhanda)
Síniú

IMDB: nm0125911 Allocine: 577461 Allmovie: p747251
Find a Grave: 7703336 Cuir in eagar ar Wikidata

Vasil Uładzimiravič Bykaŭ (Bealarúisis: Васі́ль Уладзі́міравіч Бы́каў; Rúisis: Васи́лий (Васи́ль) Влади́мирович Бы́ков, Vasiliy Vladimirovich Bykov) (19 Meitheamh, 1924 - 22 Meitheamh, 2003): scríbhneoir bisiúil úrscéalta agus mionúrscéalta nó gearrscéalta fada (den chineál a dtugtar повесть orthu as Rúisis) faoin Dara Cogadh Domhanda, príomhscríbhneoir agus príomhsmaointeoir na Bealarúise san fhíchiú haois. Bhí Bykaŭ ar an ngearrliosta do Dhuais Nobel, agus é á adhradh ag duaiseoirí ar nós Joseph Brodsky agus Czesław Miłosz, de bharr a bhua scríbhneoireachta agus a mhisniúlachta morálta.

Rugadh Vasil Bykaŭ i Viciebsk sa Bhealarúis (Vitebsk an leagan Rúisise) sa bhliain 1924. Sa bhliain 1941, nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, bhí sé san Úcráin. Ar dtús, ní raibh an buachaill seacht mbliana déag ach ag tochailt trinsí don Arm, ach ansin, chuaigh sé féin sna saighdiúirí dá dheoin féin. Chaith sé na blianta cogaidh agus tús na tréimhse iarchogaidh san Arm Sóivéadach, agus níor fhill sé go dtí an Bhealarúis roimh lár na gcaogaidí. Ansin, thosaigh sé ag obair ina iriseoir ar an bpáipéar áitiúil i Hrodna (Grodno). Sna caogaidí a tháinig a chuid scéalta luatha i gcló, ar nós "Sotnikaŭ", "An Oibilisc", "Imeacht gan Filleadh", agus "Maireachtáil go Gealadh na Maidine".

Tá éacht liteartha Bykaŭ bunaithe ar an gcur síos brúidiúil réadúil mionlíriciúil a thug sé ar chathanna an Dara Cogadh Domhanda, agus é ag díriú ar ghrúpaí beaga de dhaoine. I machaire an áir, faigheann na daoine seo iad féin i bponc idir dhá thine Bhealtaine: a gcuid namhad - na Gearmánaigh - agus an saol Sóivéadach a bhfuil a chuid féin den chruálacht agus de na bréaga polaitiúla ag dul leis. Cuireadh Béarla ar roinnt mhaith scéalta le Bykaŭ, agus iad foilsithe faoi na teidil The Dead Feel No Pain (1965), The Ordeal (1970), Wolf Pack (1975), agus Sign of Misfortune. Sna scéalta áirithe seo, chaith sé amhras ar an leagan oifigiúil de stair an dara cogadh domhanda san Aontas Sóivéadach, agus chuir ginearáil de chuid an Airm, maille leis na nuachtáin a bhí faoi smacht an Pháirtí Chumannaigh, "trócaire bréige" ina leith. "Scríbhneoir an-mhisniúil, an-diongbháilte is ea Bykov [sic!], agus is féidir é a chur i gcomparáid le Solzhenitsyn", a scríobh Michael Glenny ar an Partisan Review sa bhliain 1972. Bhí Bykaŭ ar na scríbhneoirí ba mhó a d'adhraítí san Aontas Sóivéadach. Sa bhliain 1980, bronnadh céimíocht oinigh "Scríbhneoir Pobail na Bílearúise" air.

Taobh amuigh den Bhealarúis féin, is é Vasil Bykaŭ an scríbhneoir Bealarúiseach is mó agus is forleithne a léitear. Nuair a bhí an tAontas Sóivéadach ann, haistríodh a chuid scríbhinní go teangacha móra an domhain. An chuid ba mhó de na haistriúcháin, áfach, bhí siad bunaithe ar an leagan Rúisise. Scríobh sé as Bealarúisis iad, áfach, agus é féin á n-aistriú go Rúisis. I saol cultúrtha na Bealarúise féin, is é Bykaŭ an fear mór nach féidir neamhshuim a dhéanamh de, fiú i ndiaidh a bháis. Chaith sé roinnt bhlianta ar an deoraíocht sa Ghearmáin agus san Fhionlainn, ach d'fhill sé abhaile mí amháin roimh a bhás. Ní dhearna a bhás ach cur leis an dóigh a bhfuil a chuid saothar ag dul i bhfeidhm ar shaol an náisiúin.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

(Ós rud é gur féidir Bealarúisis a scríobh sna litreacha Laidineacha chomh maith leis na litreacha Coireallacha, tugtar an dá litriú thíos, siúd is gurb é an litriú Coireallach amháin a bhí in úsáid san Aontas Sóivéadach.)

  • 1960 - "An Chorr Mhóna ag Scréacharnaigh" (Bealarúisis: "Жураўліны крык/Žuraŭliny kryk", Rúisis: "Журавлиный крик")
  • 1960 - "Bogadh an Ridire" (Br. "Ход канём/Chod kaniom", R. "Ход конем")
  • 1962 - "An Tríú Roicéad" ("Трэцяя ракета/Treciaja rakieta", "Третья ракета")
  • 1964 - "Bailéad na nAlpanna" ("Альпійская балада/Alpijskaja bałada", "Альпийская баллада")
  • 1965 - "Oíche Amháin" ("Адна ноч/Adna noč", "Одна ночь")
  • 1970 - "Sotnikaŭ" ("Сотнікаў/Sotnikaŭ", "Сотников")
  • 1971 - "An Oibilisc" ("Абеліск/Abielisk", "Обелиск")
  • 1973 - "Maireachtáil go Gealadh na Maidine" ("Дажыць да світання/Dažyć da svitannia", "Дожить до рассвета")
  • 1974 - "Scata na Mac Tíre" ("Воўчая зграя/Voŭčaja zhraja", "Волчья стая")
  • 1975 - "A Chathlán Féin" ("Яго батальён/Jaho bataljon", "Его батальон")
  • 1978 - "Imeacht gan Filleadh" ("Пайсці і не вярнуцца/Pajsci i nie viarnucca", "Пойти и не вернуться")
  • 1983 - "Tuar na Tubaiste" ("Знак бяды/Znak biady", "Знак беды")
  • 1989 - "Sa Cheo" ("У тумане/U tumanie", "В тумане")
  • 1999 - "Tragóid na Bealarúise" (an chéadfhoilsiú faoi chlúdach leabhair san Eastóin faoin teideal Valgevene tragöödia)

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duais Stáit an Aontais Shóivéadaigh (as Le Maireachtáil go Gealadh na Maidine, 1974), Duais Stáit na Bílearúise Sóivéadaí (Duais Jakub Kolas) (1978), Duais Léinín (as Tuar na Tubaiste 1986), Scríbhneoir Pobail na Bílearúise (1980), Laoch na hOibre Sóisialaí (1984).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]