Vasco da Gama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVasco da Gama

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1469
Sines (Ríocht na Portaingéile)
Bás24 Nollaig 1524
54/55 bliana d'aois
Kochi (Ríocht Cochin)
Siocair bháisBás nádúrtha (Maláire)
Áit adhlacthaSt. Francis Church (en) Aistrigh (1524 (Féilire Ghréagóra)–1539 (Féilire Ghréagóra))
Church of Santa Engrácia (en) Aistrigh
Jerónimos Monastery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Viceroy of the Portuguese Provinces of India (en) Aistrigh
5 Meán Fómhair 1524 – 24 Nollaig 1524
← Duarte de Meneses (en) AistrighHenrique de Meneses (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, mairnéalach, taistealaí ar fud an domhain, oifigeach cabhlaigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Phortaingéilis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataaimiréal Cuir in eagar ar Wikidata
Ord crábhaidhProinsiasaigh
Eile
Teideal uasalCunta Vidigueira Cuir in eagar ar Wikidata
CéileCatarina de Ataíde Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEstêvão da Gama, Cristóvão da Gama Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEstêvão da Gama  agus Izabel Sodre
SiblínPaulo da Gama
Síniú

Find a Grave: 6622573 Cuir in eagar ar Wikidata

Taiscéalaí agus loingseoir ab ea Vasco da Gama, a rugadh i Sines na Portaingéile (1460idí - 24 Nollaig 1524). Bhí sé i gceannas ar an turas a d'fhionn an bealach go dtí an India timpeall Rinn an Dóchais (1497-1499).[1]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Vasco da Gama sa bhliain 1460[2] nó sa bhliain 1469[3] in Sines, caladh beag ar chósta iardheisceartach na Portaingéile. Ba í a mháthair Dona Isabel Sodré agus ba é a athair an Ridire Estêvão da Gama, Gobharnóir Sibhialta.

Ní fios go cinnte cá bhfuair sé a chuid scolaíochta, ach is léir go raibh eolas maith ar an réalteolaíocht aige.

Bhí faill aige a thaispeáint cén miotal a bhí ann sa bhliain 1492 nuair a chuir Eoin II na Portaingéile chun Setúbal, caladh laisteas de Liospóin, agus chun an Algarve é chun longa Francacha a ghabháil mar dhíoltas ar an gcreach a rinne na Francaigh ar longa Portaingéalacha. Rinne Gama an obair gan stró.

Taiscéalaíocht roimh Gama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag an am seo, bhí na Portaingéalaigh ag bailiú eolais ar chósta thiar na hAfraice agus rún acu dul timpeall rinn dheisceartach na hollchríche sin chun maoin na hIndia, go háirithe piobar dubh agus spíosraí eile, a bhaint amach.

Rinne Bartolomeu Dias Rinn an Dóchais a chur de agus chonaic go raibh an cósta nua ag síneadh uaidh soir ó thuaidh.

Cuireadh Pero da Covilhã and Afonso de Paiva thar tír amach tríd an Éigipt chun na hIndia.

B'éigean anois an t-eolas seo a chur i gceann a chéile tríd an Aigéan Indiach a bhaint amach.

An chéad aistear

An chéad aistear[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'iarr Manuel I na Portaingéile ar Gama taiscéalaíocht a dhéanamh, de bharr a dhíograisí a chosain sé stáisiúin trádála na Portaingéile ar chósta thiar na hAfraice.

Ar 8 Iúil 1497 chuir Vasco da Gama chun farraige ó Liospóin le ceithre long agus le 170 fear.[4] [5] Bhí cuid de na loingseoirí ba sheanchleachta amach ar bord, leithéidí Pero de Alenquer, Pedro Escobar, João de Coimbra agus Afonso Gonçalves. Ní fios cá mhéad fear a bhí i bhfoireann gach loinge, ach tháinig timpeall cúig fhear is caoga ar ais agus briseadh dhá long. Tógadh dhá long as naus (as an nua).

  • São Gabriel, carrac a raibh Vasco da Gama i gceannas uirthi; 178 tonna, 27 m ar fad, 8.5 m ar leithead, snámh 2.3 m, seolta 372 m cearnach
  • São Rafael, long a bhí chomh mór le São Gabriel agus Paulo da Gama, deartháir Vasco, i gceannas uirthi
  • Berrio, carabhal a tugadh São Miguel air níos déanaí, agus Nicolau Coelho i gceannas uirthi
  • Long stórais a raibh Gonçalo Nunes i gceannas uirthi agus a briseadh in aice le Bá São Brás ar chósta thoir na hAfraice.

Thar Rinn an Dóchais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leacht Croise Vasco da Gama ag Rinn an Dóchais san Afraic Theas

Chuaigh na longa bealach Tenerife agus Oileáin Rinn Verde. Nuair a shroich siad Sierra Leone chuaigh siad ó dheas ar an bhfarraige mhór, ag gabháil trasna an Teochreasa ar lorg ghaotha aniar an Atlantaigh Theas a fuair Dias roimhe sa bhliain 1487. Chuir an longa os cionn 6,000 míle díobh ar feadh breis is trí mhí, an turas ab fhaide as amharc na talún a rinneadh go dtí sin, agus thug na gaotha aniar chomh fada leis an Afraic arís iad ar 4 Samhain 1497.[6]

Faoi 16 Nollaig bhí na longa i limistéar farraige nach bhfaca Eorpaigh riamh roimhe sin (thug Gama "Natal" ar an gcósta úd - Cúige KwaZulu Natal - le hurraim do bhreith Chríost). Bhí gréasán trádála cheana ar chósta thoir na hAfraice agus na hArabaigh i gceannas air. Lig Gama air gur Mhoslamach é agus é ag dul chun cainte le Sabhdán Mhósaimbíc, ach nuair nárbh fhéidir leis bronntanas cuí a thabhairt músclaíodh amhras sa phobal. Bhí ar Gama éalú, ach thuairgneáil sé an chathair.[7]

Mombasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug na Portaingéalaigh cuairt ar chaladh Mombasa ach bhí doicheall rompu ann. Chreach siad roinnt longa Arabacha trádála in aice leis an gCéinia, mar ata sí anois.

Malindi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Colún Vasco da Gama in Malindi.

I mí Feabhra 1498 chuaigh Gama ó thuaidh. Bhí fáilte roimhe in Malindi, áit a raibh na ceannairí in achrann le ceannairí Mhombasa, agus chonaic na Portaingéalaigh go raibh ceannaithe Indiacha ag taithí na háite. Fuair siad piolóta ann a raibh eolas aige ar na gaotha monsúnacha agus a thug chun Calicut (Kozhikode) ar chósta thiar theas na hIndia iad.[8]

Calicut[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain an cabhlach amach Kappad in aice le Calikut ar 20 Bealtaine 1498. Nuair a fuair Rí Calicut, an Zamorin, scéala an chabhlaigh d'fhill sé ó Ponnani, an dara príomhchathair aige, agus fearadh fáilte mór roimh Gama, ach aithníodh gur bheag ab fhiú na bronntanais a thug sé siúd leis ó Dom Manuel - ceithre fhallaing scarlóideacha, sé hata, ceithre phíosa coiréil, dhá almasares déag, bosca agus seacht soitheach práis ann, cófra siúcra, dhá bhairille ola agus casca meala. Bhí ionadh ar na hIndiaigh nach raibh ór ná airgead ann, agus thug ceannaithe Moslamacha le fios nach raibh i nGama ach foghlaí mara.

Vasco da Gama ag teacht i dtír ag Calicut ar 20 Bealtaine 1498.

D'iarr Gama cead maor a fhágáil ina dhiaidh a bheadh i bhfeighil na n-earraí nár díoladh ach dhiúltaigh an Rí dó agus d'éiligh na gnáthdhleachtanna custaim (dleachtanna óir ba rogha leis). Chuir seo colg ar Gama agus d'fhuadaigh sé roinnt de mhuintir na háite.[9] Thug sé abhaile leis lasta a bhí os cionn seasca uair níos luachmhaire ná costas an turais.

Filleadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Vasco da Gama chun farraige arís ar 29 Lúnasa 1498 in aghaidh na gaoithe mhonsúin. Thóg an turas chun Malindi 128 lá air dá bharr (le hais 23 lá sa treo eile); cailleadh timpeall leath na foirne agus tháinig an galar carrach ar a lán eile. Bhain dhá long amach an Phortaingéil i Mí Iúil agus i Mí Lúnasa 1499, agus tháinig Gama féin i Mí Mheán Fómhair.[10]

Bronnadh "Aimiréal na bhFarraigí Indiacha" mar theideal ar Gama[11] agus fearadh céim uasal ar a mhuintir.

Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bheadh an Phortaingéil in ann an-tairbhe a bhaint as trádáil na spíosraí feasta. Ba léir freisin go raibh gá ag an bPortaingéil le cósta thoir na hAfraice (an "Contra Costa") le haghaidh uisce, lóin, adhmaid agus calaí dídine le linn drochshíne. Dá bhrí sin coilíníodh an Mhósaimbíc.

1502

An dara turas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 12 Feabhra 1502 thug an 4ú cabhlach Portaingéalach a aghaidh ar an India agus Gama i gceannas air. Bhí cúig long déag ann agus ocht gcéad fear, agus rún acu leas na Portaingéile a chosaint. Nuair a shroich Gama an India i Mí Dheireadh Fómhair 1502 chrom sé ar longa Arabacha a ghabháil. Bhí Zamorin sásta conradh a dhéanamh[12]. Ach d'éiligh Gama go ndíbreodh an Rí na Moslamaigh go léir, éileamh a diúltaíodh. Thuairteáil Gama an chathair, ghabh roinnt longa ríse agus bhain na lámha, na cluasa agus an tsrón de na foirne.[13]

D'fhill Gama ar an bPortaingéil i Mí Mheán Fómhair 1503. Ansin rinne sé ar Kochi, foríocht bheag de chuid Calicut a d'fhear fáilte mhór roimhe agus d'fhill sé abhaile le lasta síoda agus óir.

Rinne sé luíochán ar long (an Mîrî) a bhí ag teacht ar ais ó Mecca agus ghabh a raibh de mhaoin inti. Ansin d'ordaigh sé go sacfaí na céadta paisinéir faoi ghlas sa bhroinn agus go gcuirfí an long trí thine. Dódh iad beo beathach agus a lán ban agus leanaí ina measc.[14][15]

D'ionsaigh sé agus bhain cáin as Kilwa san Afraic Thoir, caladh a bhí faoi smacht na nArabach agus é ar cheann de na calaí a bhí ag cur i gcoinne na bPortaingéalach. Lean sé air ag gabháil longa Arabacha.

Tuama Vasco da Gama i Mainistir Jerónimos in Belém, Liospóin

An tríú turas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1519 rinneadh an chéad Chonta Vidigueira de, teideal a chum Manuel I d'aonghnó.[16]. Ba é an chéad chonta Portaingéalach nár de shliocht ríoga é.

Thug da Gama a aghaidh ar an India arís sa bhliain 1524 chun dul in áit Eduardo de Menezes mar leasrí. Ach ba ghearr gur tholg sé maláire. D'éag da Gama Oíche Nollag 1524.

Eaglais Naomh Proinsias in Kochi. Cailleadh Vasco da Gama in Kochi sa bhliain 1524 agus san eaglais seo a cuireadh a chorp ar dtús.

Cuireadh a chorp ar dtús in Eaglais Naomh Proinsias in Kochi, ach seoladh é ar ais chun na Portaingéile sa bhliain 1539 agus athchuireadh é in Vidigueira i gcónra a bhí maisithe le hór agus seodra.

Tógadh Mainistir Jerónimos in Belém i gcuimhne a chéad turas chun na hIndia.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1511, bhí smacht ag an Phortaingéil ar na hOileáin Spíosra.[17] Roimh i bhfad bhí impireacht mhór acu san Afraic, san India agus in Oirdheisceart na hÁise. Ba ghairid go raibh an Spáinn in iomaíocht leo.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1497
    Ames, Glenn J. (2004). Vasco da Gama: Renaissance Crusader. Longman. ISBN 0-321-09282-1
  • Ames, Glenn J. (2007). The Globe Encompassed: The Age of European Discovery, 1500–1700. Prentice Hall. ISBN 978-0-13-193388-0
  • Coelho, Nicolau agus Diffie, Bailey W. agus Winius, George D. (1977). "Foundations of the Portuguese Empire, 1415-1850." Iml. 1; sraith: Europe and the World in the Age of Expansion. ISBN 978-0-8166-0850-8.
  • Corrêa, Gaspar (2001). The Three Voyages of Vasco da Gama, and His Viceroyalty. Adamant Media Corporation. ISBN 1-4021-9543-5. (Macasamhail d'eagrán na bliana 1869 a d'fhoilsigh an Hakluyt Society, Londain.
  • Disney, Anthony agus Booth, Emily (eag.) (2000). The Indian Ocean in World History. Oxford University Press, New Delhi agus New York
    1502
  • Fernández-Armesto, Felipe (2001). Civilizations. Macmillan, Basingstoke agus Oxford, U.K.. ISBN 0-7432-0248-1
  • Fernández-Armesto, Felipe (2006). Pathfinders: A Global History of Exploration. W. W. Norton. ISBN 78-0393062595
  • Russell-Wood, A. J. R. (1993). A World on the Move: The Portuguese in Africa, Asia, and America, 1415–1800. Macmillan. ISBN 978-0-312-09427-0
  • Sreedhara Menon, A. (1967). A Survey of Kerala History. D. C. Books Kottayam.
  • Subrahmanyam, Sanjay (1997). The Career and Legend of Vasco da Gama. Cambridge University Press. ISBN 978-0-521-47072-8
  • Towle, George Makepeace (1878). Vasco da Gama, his voyages and adventures. Lothrop, Lee & Shepard, Boston. [1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. Modern History Sourcebook: Vasco da Gama: Round Africa to India, 1497-1498 CE Curtha i gcartlann 2011-08-28 ar an Wayback Machine, fordham.edu
  3. Catholic Encyclopedia: Vasco da Gama
  4. Coelho, Diffie, Winius, lch 177
  5. da Gama's Round Africa to India Curtha i gcartlann 2011-08-28 ar an Wayback Machine, fordham.edu
  6. Fernandez-Armesto (2006), lgh 177–178
  7. Vasco da Gamma Seeks Sea Route to India Curtha i gcartlann 2011-12-22 ar an Wayback Machine, Oldnewspublishing.com.
  8. Fernandez-Armesto (2006), lgh178–179
  9. Narayanan (2006).
  10. Fernandez-Armesto (2006), lch 180.
  11. Ames, lch 28.
  12. Vasco da Gama Arrives in India 1498 (leagan Google) Dana Thompson, Felicity Ruiz, Michelle Mejiak; December 15, 1998.
  13. Sreedhara Menon (1967), lch 152.
  14. Subrahmanyam (1997), lch 205
  15. Katharine Bailey (2007). "Vasco Da Gama: Quest for the Spice Trade" (as en). Crabtree Publishing Company. 
  16. Ravenstein
  17. cogg.ie. "Taiscéalaíocht". Dáta rochtana: 2020.