Víctor Valdés
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is coimeádaí cúil peile Catalóineach é Víctor Valdés Arribas (rugadh 14 Eanáir, 1982 in L'Hospitalet de Llobregat, an Chatalóin). Imríonn sé le FC Barcelona sa tsraith Spáinneach. Thosaigh sé ag imirt le Barcelona B, foireann thánaisteach, sa bhliain 1992. Bhain sé an chéad fhoireann amach, ach níor imir sé ach corrchluiche le linn na mblianta 2002-03. Tar éis imeacht Roberto Bonano ba é Valdés an doirseoir ab fhearr agus is beag nár imir sé i ngach cluiche ón mbliain 2004-05 ar aghaidh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.