Urho Kekkonen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Urho Kaleva Kekkonen
Urho Kaleva Kekkonen

8ú hUachtarán na Fionlainne
I bhfeidhmeannas: 19561982
Réamhtheachtaí: Juho Kusti Paasikivi
Comharba: Mauno Koivisto

Dáta breithe: 3 Meán Fómhair, 1900
Áit bhreithe: Pielavesi, An Fhionlainn
Dáta báis: 31 Lúnasa, 1986
Áit bháis: Heilsincí
Céile: Sylvi Salome Uino
Páirtí polaitíochta: Suomen Keskusta (Maalaisliitto agus ina dhiaidh sin Keskustapuolue an t-ainm a bhí ar an bpáirtí nuair a bhí Kekkonen beo)

Bhí Urho Kaleva Kekkonen (3 Meán Fómhair 1900-31 Lúnasa 1986) ina Uachtarán ar an bhFionlainn sna blianta 1956-1982.[1] Is é an tUachtarán ab fhaide a d'fhan i gceannas ar an tír. Thairis sin, chaith sé cúig sheal ina Phríomh-Aire.

A Shaol[athraigh | edit source]

Saolaíodh Urho Kekkonen i bPielavesi, agus bhí a athair, Juho Kekkonen, ag leagan crann mar shlí bheatha go dtí gur cuireadh i gceannas ar na fir oibre eile é. Iníon le feirmeoir saibhir ab ea í a mháthair Emilia née Pylvänäinen. Mar sin, bhí na tuismitheoirí ábalta oideachas maith a mhaoiniú dá mac.

Sa Chogadh Chathartha[athraigh | edit source]

Ina scoláire meánscoile dó, chuaigh sé sna Gardaí Bána - is é sin, an Cór Cosanta (Suojeluskunta) - agus nuair a phléasc cogadh cathartha amach san Fhionlainn, throid Urho óg chomh maith le duine. Ghlac sé páirt sna cathanna in Varkaus, in Kuopio, in Mouhu agus i dtimpeallacht Viipuri. In Hamina, bhí sé ag cur cimí Dearga chun báis.

Lúthchleasaí agus Ábhar Dlíodóra[athraigh | edit source]

Bhí sé ina fhear mór spóirt agus lúthchleasaíochta nuair a bhí sé ina scoláire óg. Bhí sé an-tugtha don léim ard agus don léim fhada. Sa bhliain 1924, bhain sé amach craobh na Fionlainne sa léim ard.

Sna blianta 1919-1920, bhí Urho Kekkonen ag déanamh seirbhíse náisiúnta i gCathlán Gluaisteán Heilsincí, agus d'fhill sé abhaile ina sháirsint. Go gairid ina dhiaidh sin, shocraigh sé síos i Heilsincí mar mhac léinn le staidéar a dhéanamh ar an dlí. Bhí sé an-sáite i gcúrsaí na mac léinn agus ragairne mhaith á déanamh aige, ach mar sin féin, chríochnaigh sé a chuid staidéir go sciobtha. Bhí sé ina dhlíodóir déanta sa bhliain 1926. Bhí sé ag scríobh ar go leor nuachtáin, agus sna blianta 1927-1928, bhí sé ina phríomheagarthóir ar iris na mac léinn i Heilsincí, Ylioppilaslehti.

Sna Póilíní Rúnda[athraigh | edit source]

Bhí Kekkonen ag obair do phóilíní rúnda na Fionlainne, Etsivä Keskuspoliisi, sula raibh a chuid staidéir tugtha chun críche aige. Ag troid an Chumannachais ba mhó a bhí na póilíní seo san am, agus Kekkonen go minic ag cur ceastóireachta ar na hamhrasánaigh. Níor dhruid sé siar ón bhforéigean, agus é ag croscheistiú Cumannaigh.

Phós Kekkonen Sylvi Uino, cailín a bhí ag déanamh clóscríbhneoireachta do na póilíní rúnda. Bhí sí le hiompú amach ina scríbhneoir mionúrscéalta agus cuimhní cinn.

Sa bhliain 1927, b'éigean do Kekkonen éirí as na póilíní rúnda, ó bhí sé den tuairim - agus é sásta a bharúil a chur os comhair an tsaoil mhóir - gur chóir deireadh a chur leis an mbrainse speisialta póilíníochta mar fhoras ar leith agus gnáthphóilíní a dhéanamh den fhoireann. Níor thaitin an cineál seo cainte le lucht ceannais an bhrainse, agus mar sin, thug siad bata agus bóthar dó. Ina dhiaidh sin féin, bhí sé deacair ag Kekkonen post a choinneáil, ó nach raibh sé rófhonnmhar fiacail a chur ina chuid tuairimí, fiú nuair ab amhlaidh ab fhearr dó féin.

Polaiteoir[athraigh | edit source]

Urho Kekkonen ina dhlíodóir óg i Heilsincí i dtús na dtríochaidí

Ina mhac léinn dó, bhí an-luí aige leis an náisiúnachas, agus é ina bhall gníomhach de Chumann Acadúil na Cairéile. Eagraíocht náisiúnaíoch a bhí ann agus í meáite ar na Cairéalaigh - mionlach náisiúnta a raibh gaol ag a dteanga leis an bhFionlainnis - a shaoradh ó bhráca an Aontais Shóivéadaigh. Sa chumann seo a d'fhoghlaim Kekkonen uraiceacht na polaitíochta is na polaiteoireachta. De réir mar a tháinig cuma na heite deise antoiscí ar an gCumann, áfach, tháinig coimhthíos ar Kekkonen roimhe.

Sa bhliain 1932, thug Kekkonen cuairt ar an nGearmáin, agus chuaigh Adolf Hitler go mór i bhfeidhm air. Chuaigh sé le polaitíocht anois i bpáirtí na bhfeirmeoirí (Maalaisliitto), arbh é an páirtí ba mhó i lár an speictrim pholaitiúil. Ansin a d'fhoilsigh sé a phaimfléad polaitiúil Demokratian itsepuolustus ("Féinchosaint an Daonlathais"), inar thug sé rabhadh faoin dainséar ón eite dheas. Bhí sé den bharúil, fiú, nár mhiste srianta áirithe a chur le saoirse na nuachtán agus leis an gcead cainte, chun an phoblacht a chosaint ar thuathghríosóirí.

Sa bhliain 1936, vótáladh isteach é ina Fheisire. Bhí sé ina Aire Dlí agus Cirt, agus ina dhiaidh sin, ina Aire Gnóthaí Inmheánacha. Theastaigh uaidh páirtí na heite deise, Isänmaallinen Kansanliike ("Gluaiseacht Thírghráúil an Phobail"), a chosc, agus tugadh "Kekkosen konstit" ("cleasaíocht Kekkonen") ar na hiarrachtaí a rinne sé le cath a chur ar an bpáirtí seo. Sa bhliain 1938, b'éigean dó éirí as mar Aire Gnóthaí Inmheánacha. B'é ba chúis leis seo gur choisc sé an Ghluaiseacht Thírghráúil, ach d'iompaigh sé amach nach raibh an cosc ullmhaithe i gceart roimh ré ó thaobh an dlí de, agus cuireadh ar ceal é.

Blianta an Chogaidh[athraigh | edit source]

Ina dhiaidh sin, chreidtí go forleathan nach raibh todhchaí ar bith fágtha ag Kekkonen sa pholaitíocht. Chaith sé blianta an chogaidh i seirbhís na Roinne Airgeadais, agus é ag scríobh altanna ar an iris sheachtainiúil úd Suomen Kuvalehti faoin ainm cleite "Pekka Peitsi" ("Peadar Lansa"), ina mbíodh sé ag plé imeachtaí an chogaidh agus cás na Fionlainne ar bhealach sách neamhbhalbh, gan mórán measa ar éilimh na cinsireachta cogaidh. I ndeireadh Chogadh an Gheimhridh, bhí Kekkonen ag cur in aghaidh na síochána leis an Aontas Sóivéadach. Nuair a bhí an Fhionlainn ag cur troda ar na Sóivéadaigh arís i gCogadh na Leanúna in éineacht leis an nGearmáin, ón mbliain 1941 ar aghaidh, níor mhair cogúlacht Kekkonen ach seal. Ag druidim chun deireanais don bhliain 1942, tháinig athrú ar a bharúil, agus é ag éirí ní ba luite leis an bhfreasúra síochánta, is é sin, leo siúd a bhí den tuairim gur chóir don Fhionlainn síocháin nua a shocrú leis na Rúisigh a thúisce agus ab fhéidir.

Fáisceadh smaointeachas réadúil nua Kekkonen i leith chúrsaí an pholasaí eachtraigh as imeachtaí na bliana 1944 - an bhliain chéanna ar tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach. B'é an tAontas Sóivéadach a bhí i gcroílár an smaointeachais seo. Ghlac Kekkonen leis gur ollchumhacht é an stát Sóivéadach, agus go gcaithfeadh an Fhionlainn caidreamh cairdiúil a choinneáil leis an gcomharsa seo, ós rud é nach raibh an dara suí sa bhuaile ann, go réadúil.

I nDiaidh an Chogaidh[athraigh | edit source]

Ag Ard-Fheis a pháirtí sa bhliain 1945, d'éiligh Kekkonen go gcuirfeadh an páirtí cuma úr air féin in áit an náisiúnachais agus an choimeádachais a bhí mar réaltaí eolais aige go dtí sin. "Líne K" a thugtaí ar an bpolasaí a bhí Kekkonen a chur chun tosaigh, ó bhí sé á gcur chun cinn ag fir arbh ainmneacha dóibh Urho Kekkonen, Arvo Korsimo, agus Ahti Karjalainen. Tá "líne K" ina hábhar mór conspóide ag na Fionlannaigh i gcónaí, nó scoilt sí an tsochaí Fhionlannach - na páirtithe agus na heagraíochtaí eile - de réir an chritéir, cé acu a bheifeá sásta gan do chroí a labhairt amach i dtaobh an Aontais Shóivéadaigh - ansin, bheifeá "iontaofa" ó thaobh an pholasaí eachtraigh de - nó nach mbeifeá. Go bunúsach, d'éiligh Kekkonen ar an náisiún ar fad béasaíocht an taidhleora a fhoghlaim agus a chleachtadh i dtaobh an Aontais Shóivéadaigh.

I Mí na Samhna sa bhliain 1944, ceapadh Kekkonen ina Aire Dlí agus Cirt ar rialtas Juho Kusti Paasikivi. Thit sé ar a chrann féachaint chuige go ngearrfaí téarma príosúnachta do pholaiteoirí áirithe a bhí i gceannas ar an tír le linn an chogaidh, mar chiontóirí cogaidh, rud a bhí á éileamh ag Sasana agus ag an Aontas Sóivéadach. Nuair a vótáladh Paasikivi isteach mar Uachtarán sa bhliain 1946, chuir páirtí na bhfeirmeoirí Kekkonen chun tosaigh mar ábhar príomh-aire, ach ní raibh páirtí na heite clé antoiscí, Aontas Daonlathach Pobail na Fionlainne (SKDL), sásta leis. D'fhan Kekkonen ina Fheisire, áfach, agus ceapadh ina Leas-Cheann Comhairle agus ina Cheann Comhairle é.[2]

Bhí Kekkonen mímhuiníneach as na Cumannaigh (arbh iad an dream a bhí i gceannas ar an SKDL) ar dtús. I samhradh na bliana 1948 tháinig rialtas úr ar bun, agus an Daonlathach Sóisialta Karl August Fagerholm ina phríomh-aire. Daonlathaigh Shóisialta ab ea iad na hAirí eile freisin, agus fágadh an SKDL agus páirtí na bhfeirmeoirí san fhreasúra. Ansin, bhí Kekkonen agus a pháirtí sásta comhoibriú éigin a thosú leis na Cumannaigh, agus an dá pháirtí taobh amuigh den rialtas in éineacht.

I dtoghcháin Uachtaránachta na bliana 1950, b'é Kekkonen a bhí ina iarrthóir ag páirtí na bhfeirmeoirí. Bhí sé ag iarraidh bua a bhreith ar Juho Kusti Paasikivi, a bhí ina Uachtarán é féin, ach níor éirigh go rómhaith leis. San am sin, bhí toghchán an Uachtaráin san Fhionlainn bunaithe ar na toghthóirí go fóill, is é sin, chaithfeadh na vótóirí a gcuid vótaí leis na toghthóirí, trí chéad duine acu ar fad, agus shocródh na toghthóirí cé a bheadh ina Uachtarán. Fuair Kekkonen beirt thoghdóirí is trí scór, i gcomparáid leis an seachtar is trí scór a fuair Mauno Pekkala, iarrthóir an SKDL. Ní raibh sé deacair ag Paasikivi an báire a ghnóthú, nó bhí céad agus aon duine déag is trí scór de na toghthóirí ag tacú leisean. I ndiaidh an toghcháin, áfach, rinne Paasikivi príomh-aire de Kekkonen. Bhí Kekkonen i gceannas ar cheithre rialtas eile fós mar Phríomh-Aire, ach bhí an tír á streachailt as a chéile ag míshuaimhneas polaitiúil, agus ní raibh fad saoil i ndán d'aon chineál comhrialtas.

Sa bhliain 1948, shínigh an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach an Conradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú agus Chomhchuidiúlacht le chéile, nó an Conradh YYA, mar a thugtaí air san Fhionlainn. Thug Kekkonen le fios go raibh seisean ar an t-aon duine amháin a bhí in ann caidreamh a choinneáil leis an Aontas Sóivéadach de réir mar a d'éiligh an Conradh. Sna blianta a bhí le teacht, d'iompaigh an Conradh ina chineál Bíobla tacair, agus an meas mór a bhí air i saol polaitiúil na Fionlainne.

Bhí an "caidreamh cairdiúil" leis an Aontas Sóivéadach mar shórt bábhún cosanta ag Kekkonen. Bhí sé in ann an Phríomh-Aireacht a choinneáil, beag beann ar na hiarrachtaí a rinne polaiteoirí eile é a chur as oifig, toisc nach raibh aon duine eile in ann na Sóivéadaigh a ghiúmaráil. Cúis imní do Paasikivi féin ab ea é an leas pearsanta a bhain Kekkonen as an Aontas Sóivéadach sa pholaitíocht.

Ina Uachtarán dó[athraigh | edit source]

An Chéad Téarma[athraigh | edit source]

Vótáladh Kekkonen isteach mar Uachtarán sa bhliain 1956. Nuair a vótáil na toghdóirí an uair dheireanach, fuair sé céad agus aon vóta déag is dhá scór, i gcoinne leis an gcéad agus naoi vóta is dhá scór a fuair a chéile iomaíochta, an Daonlathach Sóisialta Karl August Fagerholm. Sa toghchán féin, fuair Kekkonen ochtar toghdóirí is ceithre scór. An tacaíocht a bhí de dhíth ar Kekkonen leis an vótáil dheireanach a bhuachan, tháinig sí ó iomlán toghdóirí an SKDL agus ó chuid de thoghdóirí an Pháirtí Pobail (Suomen Kansanpuolue), páirtí beag a bhí beo ar vótaí na meánaicme sna cathracha. Tá sé ina dhúthomhas i gcónaí i stair polaitíochta na Fionlainne, cé a chaith an t-aon vóta amháin a rinne Uachtarán de Kekkonen.

Ar an lá céanna ar mhionnaigh Kekkonen a chuid móidí mar Uachtarán, is é sin, an chéad lá de Mhí na Márta sa bhliain 1956, chuaigh an lucht oibre ar stailc ghinearálta. Níor admhaigh Láreagraíocht Ceardchumann na Fionlainne (SAK) riamh go raibh ciall pholaitiúil leis an stailc, ach creidtear go raibh na ceardchumainn míshásta gurbh é iarrthóir pháirtí na bhfeirmeoirí a toghadh mar Uachtarán. Daonlathaigh Shóisialta ba mhó a bhí i gceannas ar ghluaiseacht na gceardchumann, agus is dócha gurbh fhearr leosan Fagerholm mar Uachtarán.

Chuir an tAontas Sóivéadach in iúl faoi choim nach raibh sé sásta leis an gcomhrialtas cuimsitheach a tháinig ar an bhfód i Mí Lúnasa 1958 faoi cheannas Fagerholm. D'aontaigh Kekkonen leis an gcriticeoireacht seo, agus chuidigh sé leis an rialtas a scor i Mí na Nollag sa bhliain chéanna. Níl na staraithe ar aon fhocal faoi thucaidí Kekkonen i dtaobh an eachtra seo de.

I ndiaidh scor chomhrialtas Fagerholm, ní rabhthas ábalta comhrialtais le tacaíocht an tromlaigh phairlimintigh a chur ar bun ar feadh tamaill. Ina áit sin, chuathas i dtuilleamaí rialtais mhionlaigh a bhí i dtuilleamaí pháirtí na bhfeirmeoirí thar aon fhórsa polaitiúil eile. Bhí na Daonlathaigh Shóisialta ag easaontú le chéile, rud a mhéadaigh ar an míshuaimhneas i bpolaitíocht inmheánach na tíre. Mar sin féin, rinne Urho Kekkonen a dhicheall a chinntiú go dtiocfadh comhrialtas tromlaigh chun saoil nuair a vótálfaí isteach mar Uachtarán an chéad uair eile é. Theastaigh uaidh a chuid cuspóirí i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh a nascadh le cruthú an rialtas tromlaigh.

Kekkonen (ar dheis) le Kliment Voroshilov agus Nikita Khrushchev sa bhliain 1960

Bhí constaic amháin ina bhealach roimh an chéad toghchán eile: comhghuaillíocht Honka. Iad siúd nach raibh sásta leisean mar Uachtarán, chinn siad ar an iar-Sheansailéir Dlí Olavi Honka a chur chun tosaigh mar iarrthóir. Ós rud é go raibh idir an eite dheas agus na Daonlathaigh Shóisialta ag tacú le Honka, bhí an chuma ag teacht ar an scéal nach mbeadh Kekkonen in ann an bua a bhreith an iarracht seo. San am céanna - 1961 - áfach, chuaigh an Cogadh Fuar idir an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe i ngéire, agus Beirlín ina cnámh spairne acu. I ndeireadh Mhí Dheireadh Fómhair, sheol an tAontas Sóivéadach nóta oifigiúil chuig an bhFionlainn, ag éileamh comhoibriú cosanta in éadan na Stát Aontaithe agus a cuid comhghuaillithe, de réir an chonartha a bhí sínithe ag an bhFionlainn agus ag an Aontas Sóivéadach thiar i ndeireadh na ndaichidí. Bhain an nóta an-scanradh as na Fionlannaigh, nó shíl siad go raibh an tAontas Sóivéadach le fórsaí armtha a chur ar buangharastún san Fhionlainn, i gcruth is go gcaillfeadh an tír a neamhspleáchas ar nós thíortha Oirthear na hEorpa. Dheifrigh Kekkonen go dtí Novosibirsk le comhchainteanna a choinneáil le Nicíte Cruistsiof, Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh agus fíor-cheannaire an Aontais Shóivéadaigh, agus d'éirigh leis a áitiú ar Khrushchev nach mbainfeadh aon chumhacht iasachta úsáid as tailte na Fionlainne le hionsaí a dhéanamh ar an Aontas Sóivéadach, agus nach raibh trúpaí Sóivéadacha de dhíth le sin a chinntiú. Chreid Khrushchev an méid sin uaidh, agus bhí an ghéarchéim thart.

De thoradh na n-imeachtaí seo - Géarchéim an Nóta, mar a thugann staraithe na Fionlainne orthu - d'éirigh Honka as an toghchán, agus ní raibh céile ceart iomaíochta fágtha ag Kekkonen. Vótáladh isteach é le haghaidh an dara téarma.

An Dara Téarma[athraigh | edit source]

Is é an locht is mó a fhaigheann na criticeoirí ar uachtaránacht Kekkonen nach raibh fíor-fhreasúra polaitiúil ann sa tír i ndiaidh ghéarchéim an nóta. De réir a chéile, bhain Kekkonen amach stádas chomh láidir i bpolaitíocht na Fionlainne is nach raibh gach duine den tuairim go raibh sé inréitithe leis an daonlathas a thuilleadh. Ón taobh eile de, is follasach go ndearna Kekkonen a dhicheall le tacaíocht an náisiúin ar fad a bhaint amach dá chuid polasaithe, agus nach ndeachaigh sé thar ghnáth-chleasanna polaitíochta leis an gcuspóir seo a shroicheadh.

Bhí Kekkonen ag iarraidh caidreamh cairdiúil a choinneáil le tromlach gach páirtí, rud a bhí de dhíth ar an Uachtarán i gcóras polaitiúil na Fionlainne le go bhféadfadh sé úsáid éifeachtach a bhaint as a chuid cumhachtaí. B'é an príomhchritéar a bhí ag Kekkonen go mbeadh na páirtithe iontaofa ó thaobh an pholasaí eachtraigh de, is é sin, an páirtí ar theastaigh uaidh suíomh a fháil ar an rialtas, chaithfeadh sé faomhadh a thabhairt do Kekkonen is dá pholasaí eachtrach. Mar shampla, ligeadh an páirtí coimeádach (Kokoomus) isteach ar rialtas Johannes Virolainen i ndiaidh ghéarchéim an nóta, nuair a bhí an páirtí i ndiaidh a dhílseacht do Kekkonen a chruthú.

Ghlac Kekkonen an-bhuntáiste ar an gcaidreamh pearsanta a bhí aige leis an dúrud daoine ar gach leibhéal de shochaí na Fionlainne. Bhí sé mór i gcónaí lena chuid cairde ó bhlianta an staidéir, ach, thairis sin, bhí sé ag dul ag iascaireacht, ag seilg is ag sciáil le seanchairde eile. Na hintleachtóirí óga a raibh luí acu le faisiún an radacachais, bhí fáilte isteach rompu chuig "cóisirí na n-óg" i dTamminiemi, áras oifigiúil an Uachtaráin. Bhí cairde iontaofa agus lucht teagmhála ar gach leibhéal den státseirbhís, sna páirtithe polaitiúla agus sna gnólachtaí móra. Caidreamhach maith a bhí ann agus é ábalta mórtachas a dhéanamh le daoine éagsúla ó thaobh an charachtair agus an dearcaidh pholaitiúil de. Bhí gréasán cuimsitheach mar chrann taca aige ar fud na sochaí.

Díomaite dá pháirtí féin, bhí tacaíocht ag teacht do Kekkonen ó pháirtithe na heite clé, agus sa bhliain 1968, ghnóthaigh sé an toghchán Uachtaránachta glan amach, nó fuair sé dhá chéad agus aon toghthóir amháin ar an chéad bhabhta.

An Tríú Téarma[athraigh | edit source]

Cé go raibh Kekkonen i dtuilleamaí a chuid comhghuaillithe i saol polaitíochta inmheánach na tíre, bhí cead a chinn aige i gcúrsaí na polaitíochta eachtraí. Go minic, ní raibh ach a chuid cúntóirí pearsanta mar chrann taca aige, daoine a tháinig as an Roinn Gnóthaí Eachtracha, de ghnáth. I ndeireadh na seascaidí, chuir Kekkonen sraith de mholtaí faoi bhráid an tsaoil mhóir: theastaigh uaidh limistéar gan armálacha adamhacha a dhéanamh de na tíortha Lochlannacha, síocháin teorann a shocrú leis an Iorua agus cruinniú Eorpach um slándáil agus comhoibriú. Is é an cuspóir a bhí ag Kekkonen leis na tionscnaimh seo ná féachaint chuige nach bhfaighfeadh an tAontas Sóivéadach riachtanach comhoibriú míleata a mholadh don Fhionlainn arís. Mar sin, cuid ab ea iad d'iarracht an Uachtaráin neodracht na Fionlainne a threisiú agus aitheantas a bhaint amach di ón Aontas Sóivéadach féin. I ndiaidh na forghabhála a rinne tíortha an bhloic Shóivéadaigh ar an tSeicshlóvaic sa bhliain 1968, bhí neodracht na Fionlainne faoi bhrú mór. Chuir Kekkonen in iúl do na Sóivéadaigh go n-éireodh sé as an Uachtaránacht, agus go gcuirfí an conradh um chairdiúlacht agus chomhoibriú ar ceal, mura mbeadh an tAontas Sóivéadach sásta neodracht na Fionlainne a admháil amach anseo freisin.

I ndiaidh na bliana 1970, tháinig deireadh le comhoibriú pháirtí na bhfeirmeoirí agus na heite clé ar an rialtas. Chuir Kekkonen a ladar i gcúrsaí inmheánacha na tíre anois, agus é ag déanamh gnó an phríomh-aire féin, nuair a ghlac sé páirt i socrú na gceisteanna tuarastail idir na fostóirí agus na ceardchumainn.

I Mí Eanáir sa bhliain 1973, reachtaigh pairlimint na Fionlainne an Dlí Eisceachtúil le ceithre bliana breise a chur le tríú téarma Kekkonen. Mar sin, b'é an phairlimint a thogh an tUachtarán an turas sin, beag beann ar thoil an phobail, agus bhí Kekkonen ceaptha ina Uachtarán go dtí an bhliain 1978.

Nuair nach raibh freasúra ná dara rogha ann a ghlacfaí dáiríre, chuaigh cumhacht Kekkonen an oiread sin i méadaíocht gur ábhar iontais é do bhreathnóir an lae inniu. Shroich cumhacht an Uachtaráin a buaicphointe sa bhliain 1975. Bhí Kekkonen i ndiaidh an phairlimint a scor, agus é ina chathaoirleach ar an gcomhdháil um shlándáil agus um chomhoibriú san Eoraip i Heilsincí. San am sin féin, cheadaigh sé do na Daonlathaigh Shóisialta agus don Pháirtí Láir (sin é an t-ainm a bhí ar pháirtí na bhfeirmeoirí san am) é a chur chun tosaigh mar iarrthóir Uachtaránachta i dtoghchán na bliana 1978. Bhí na Daonlathaigh Shóisialta, fiú, ag cur ceiliúr toghcháin ar Kekkonen roimh a pháirtí féin, an Páirtí Láir. I bhFómhar na bliana céanna, d'iarr Kekkonen ceannairí na heite clé agus na bpáirtithe láir chuige, agus os comhair na gceamaraí teilifíse, chuir sé d'fhiachaibh orthu comhrialtas éigeandála a chruthú, agus Martti Miettunen ina phríomh-aire ar an rialtas. (B'í an dífhostaíocht ard ba chúis leis an "éigeandáil".)

Kekkonen ar stampa phoist (1980)

De réir is mar a bhí na seachtóidí ag druidim chun deireanais, bhí sláinte an Uachtaráin ag dul chun donais, agus ráflaí ag dul timpeall nach raibh a sheanghreim aige ar an saol ina thimpeall a thuilleadh. Mar shampla, nuair a bhí sé ag tabhairt óráid thraidisiúnta na hAthbhliana, ba mhinic a bhí sé soiléir do na breathnóirí teilifíse nach raibh sé chomh meabhrach is a bhí fadó. Níor thrácht na meáin chumarsáide ar an taobh seo den scéal, ó bhítí den tuairim nach mbeadh a leithéid inghlactha ó thaobh na béasaíochta de.

An Ceathrú Téarma[athraigh | edit source]

Rug Kekkonen an chraobh leis i dtoghchán na bliana 1978 go gleoite ar fad. Nuair a bhí an páirtí coimeádach féin sásta leisean mar iarrthóir, bhain sé amach, le tacaíocht an cheithre pháirtí is mó, 82 % de na vótaí, agus dhá chéad is trí scór den trí chéad toghthóir, nó triúr duine déag as gach cúigear déag. Ní raibh iarrthóirí eile á dtacú ach ag cupla mionpháirtí ón eite dheas, go háirithe Raino Westerholm, iarrthóir Aontas Críostaí na Fionlainne (Suomen Kristillinen Liitto), is é sin, na coimeádaigh reiligiúnda. Duine de na toghthóirí coimeádacha a vótáladh isteach mar thacadóir de chuid Kekkonen, chaith sé a vóta le Westerholm.

Creidtear go coitianta gur tháinig deireadh le cumhacht dhoshéanta Kekkonen in Aibreán na bliana 1981, nuair a dhiúltaigh an Príomh-Aire Mauno Koivisto éirí as, cé go raibh brú ag teacht air ó Kekkonen oifig an Phríomh-Aire a fhágáil uaidh. Is é an t-aon fhreagra a thug Koivisto ná nach raibh de chumhacht ach ag an bpairlimint Príomh-Aire a scor, de réir an bhunreachta.

Theip a shláinte ar Kekkonen an chéad uair i Mí Lúnasa sa bhliain chéanna, nuair a bhí sé ag iascaireacht san Íoslainn. I Mí Mheán Fómhair, chuaigh sé ar saoire ar chúiseanna sláinte, agus i Mí Dheireadh Fómhair, d'éirigh sé as an Uachtaránacht. Ina dhiaidh sin, ní fhacthas go poiblí é a thuilleadh.

Uaigh Kekkonen i Heilsincí

Deireadh a Shaoil[athraigh | edit source]

Cé go raibh Kekkonen éirithe as an Uachtaránacht, níor ruaigeadh as Tamminiemi é: bhí cead aige deireadh a shaoil a chaitheamh ansin. Sna blianta i ndiaidh Uachtaránachta, d'fhan Kekkonen amach ó chúrsaí polaitíochta go hiomlán, agus ó bhí drochshláinte air, ní raibh sé in ann fiú spaisteoireacht a dhéanamh ina aonar.

Shíothlaigh Urho Kekkonen ar an lá deireanach de Mhí Lúnasa sa bhliain 1986 i dTamminiemi, trí lá sular shlánaigh sé ocht mbliana is ceithre scór. hAdhlacadh ar an séú lá de Mhí Mheán Fómhair é i Reilig Hietaniemi i Heilsincí. Maidir le Tamminiemi, rinneadh músaem de agus é tiomnaithe do chuimhne Kekkonen agus dá oidhreacht. hOsclaíodh Músaem Urho Kekkonen sa bhliain 1987.

A Oidhreacht[athraigh | edit source]

Is féidir dhá chiall a bhaint as an dóigh ar láimhseáil Urho Kekkonen caidreamh na Fionlainne leis an Aontas Sóivéadach. Ó thaobh amháin de, deirtear go raibh sé in ann daonlathas na Fionlainne a shábháil agus saol seascair soilíosach a chinntiú do mhuintir na tíre i dtréimhse staire a bhí thar a bheith deacair maidir le cúrsaí na polaitíochta domhanda. Ón taobh eile de, ní bhíodh Kekkonen sásta le comhréiteach ná le comhghéilleadh, ach bhí sé ina dhúchas a chuid naimhde polaitiúla a chloí go hiomlán, agus sin go brúidiúil. Ghlac sé buntáiste ar an dóigh a raibh sé ábalta ceannairí an Aontais Shóivéadaigh a ghiúmaráil, ionas gurb iomaí duine de na naimhde féin a thosaigh ag síleadh nach mbeadh aon duine eile in ann a leithéid de shaoirse a bhaint amach don Fhionlainn. Bhí Kekkonen thar barr ag déanamh ionramhála ar dhaoine, agus é ina pholaiteoir sciliúil dá réir.

Ní minic a fhanann an fear céanna ina Uachtarán ar stát daonlathach Iartharach ar feadh cúig bliana fichead. Bhí go leor cúiseanna leis gur éirigh an t-éacht le Kekkonen: draíocht a phearsantachta, an bua taicticeoireachta a bhí aige, an ghnaoi phobail a bhí air, agus an íogaireacht a bhain le tréimhse an Chogaidh Fhuair. Ó thús deiridh na tréimhse a mhair Kekkonen ina Uachtarán, bhí cluiche cumhachta na Stát Aontaithe agus an Aontais Shóivéadaigh ag caitheamh a scáile ar an bhFionlainn, agus an tír in áit dheacair, ó b'í an t-aon tír dhaonlathach Iartharach amháin a raibh teorainn fhada aici leis an Aontas Sóivéadach. Bhí Kekkonen ábalta an dá thrá a fhreastal, agus meas air mar státaire san Iarthar agus san Oirthear araon.

Bhí Kekkonen ina scríbhneoir maith, agus é ag cumadh aistí, gné-altanna agus téacsaí polaitiúla faoi shraith fhada d'ainmneacha cleite, mar atá, Känä, Liimatainen, Lautamies, Veljenpoika agus go leor eile. Sna blianta 1966-1975, bhí sé ag scríobh altanna polaitiúla faoin ainm cleite "Liimatainen" ar an iris sheachtainiúil Suomen Kuvalehti ("Iris phictiúrtha na Fionlainne"), agus é ina Uachtarán cheana féin.

I ndilchuimhne ar Kekkonen, bunaíodh, cé is moite den mhúsaem i dTamminiemi, Cartlann Urho Kekkonen agus Páirc Náisiúnta Urho Kekkonen.[3] Ón taobh eile de, rinneadh cúngú ar chumhachtaí an Uachtaráin i ndiaidh thréimhse Kekkonen. Na huachtaráin a tháinig ina dhiaidh, bhí siad uile sásta na nuachtáin agus an saol mór a choinneáil eolach ar staid a sláinte, agus an meath a tháinig ar Kekkonen i nganfhios do na Fionlannaigh sular éirigh sé as.

Tagairtí[athraigh | edit source]