University of Texas Southwestern Medical Center

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Plás Eugene McDermott

Is ionad leighis é an University of Texas Southwestern Medical Center, atá ina chuid den Southwestern Medical District, agus atá lonnaithe i nDallas, Texas. Tá sé ar cheann de na hionaid leighis is aitheannta ar domhan.

Tá scoil leighis poiblí bainteach leis an ospidéal poiblí den ainm Parkland Memorial Hospital, mar a bhfuil thart faoi 1,100 leabaí do h-othar agus freisin bainteach leis an Zale-Lipshey University Hospital, St. Paul University Hospital agus Children's Medical Center Dallas. Tá réimse cuimsitheach seirbhísigh leighis, den chaighdeann is áirde, á thairgeadh ag an ionad leighis do mhuintir Texas agus ar ndóigh daoine níos faide ar siúl.

Sa bhliain 2007 rangaíodh an scoil leighis ar an naoú háit déag i SAM i measc scoileanna leighis. Tá clú ar leith uirthi i réimse an taighde agus í ar cheann de na hollscoil leighis a fhaigheann an maoiniú is mó ó an National Institute of Health (NIH).

Is í an scoil leighis is fearr i dTexas í de réir dealramh. Cláríonn 200 daltaí nua san ollscoil ann chuile bhliain tar éis iomaíocht géarr. Tá urraíocht airgid ó Stát Texas le fáil ag muintir an Stáit, rud a ciallaíon go bhfuil sé saor go leor dóibh freastal air.

Tá clú ar leith ar Pharkland ós rud é gurbh ann a tógadh John F. Kennedy tar éis a lámhacadh i nDallas sa bhliain 1963.