Unach dhubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda dreaptha ilbhliaintúil le tiúbar mór dubh, gaolmhar leis an ionam. Dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise agus tuaisceart na hAfraice. Fásann na gais 4 m ar airde go féithleannach. Na duilleoga croíchruthach dúghlas snasta le féitheacha starraiceacha lúbtha, na bláthanna bídeach séliopach buíghlas, fireannaigh is baineannaigh ar phlandaí difriúla. An chaor 12 mm ar leithead, dearg.