Ulick O'Connor
| Ulick O'Connor | |
| Dáta breithe | 1928 |
| Ráth Garbh, Baile Átha Cliath | |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Gairm | Drámadóir, scríbhneoir, staraí, lúthchleasaí, léirmheastóir |
| Seánra | Stair, filíocht, drámaíocht, beathaisnéisí, critic liteartha |
Is drámadóir, scríbhneoir, staraí agus léirmheastóir Éireannach é Ulick O'Connor (rugadh 1928).
Rugadh agus tógadh é i Ráth Garbh, Baile Átha Cliath. D'fhreastal sé ar Choláiste Mhuire i Rath Maonais sular bhain sé amach céim i Dlí agus Fealsúnacht i gColáiste na Trionóide, áit ar ghlac sé páirt ollmhór i gcúrsaí lúthchleasaíochta go háirithe dornálaíocht, rugbaí agus cruicéad. Bhí rath air freisin mar díospóirí, bainteach leis an Literary and Historical Society
Cáileadh é mar abhcóid sular luí sé isteach go dúthrachtach, lán aimsireach, leis an scríbhneoireacht.
I measc a shaothair tá beatháisnéisí cáiliúla cosúil le Oliver St. John Gogarty (1964), Brendan Behan (1970) agus Celtic Dawn (1984).
Tá neart drámaí scríobhtha aige, ina measc Brendan, Execution, Joyicity agus The Dark Lovers.
Ainneoin neart taistil, tá sé ag cur faoi i Ráth Garbh go fóill.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.