Uiscimir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foirm eitseála a thugann cuma thonúil, cosúil le líníocht leachtdatha (scáthú le dúch nó uiscedhath caolaithe a chuirtear ar an líníocht le scuab). Clúdaítear pláta copair le ciseal tanaí roisín phúdraithe, a ghreamaítear leis an miotal trí théamh. Nuair a thumtar an pláta in aigéad, polltar gach cuid den dromchla leis an iliomad smál bídeach scaipthe. Is féidir réimniú tondatha ó liath éadrom go dtí dubh trom (nach soladach é) a bhaint amach tríd an am tumtha a rialú. D'fhorbair Jean-Baptiste le Prince (1734-1781) an teicníocht seo sa bhFrainc i 1768, agus ba é Goya sármháistir na teicníochta mar a léiríonn a shaothar Los Caprichos (Na Teidheanna, 1799). Sa 20ú céad thug Picasso, André Masson (1896-1987), agus ealaíontóirí eile an teicníocht ar ais go rathúil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uiscimir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 690.