Uiscephonaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Córas uiscephonaice le haghaidh tioláipiapéirse (suas go dtí 10,000 iasc san umar 5 tr. domhain), biolair agus trátaí. Tarraingítear an t-uisce suas trí chaidéal amháin, agus ansin tré fhoths domhantarraingt trí na plandaí pota (a bhaineann an nítrigin ó bhfuíollábhair na n-iasc) agus ar ais isteach san umar áit a bhfuil sé ath-ocsaiginíonn sé uisce an umair

Is éard is uiscephonaic (ón Sean-Ghréigis: πονος' (ponos), "obair" nó "iarracht") agus ὕδωρ (hudōr),"uisce") ann ná córas dobharshaothraithe nó táirgthe bia ina chomhcheanglaítear dobharshaothraithe traidisiúnta (ainmhithe saothraithe in umar uisce, mar shampla seilidí, éisc, piardógacloicheáin) le hidreaponaic (plandaí saothraithe in uisce) i dtimpeallacht shiombóiseach. Sa ghnáth dobharshaothrú, is féidir go gcarntar fuíollsubstaintí ó na hainmhithe san uisce, agus go méadaítear an tocsaineacht. Sa chóras uiscephonaice, seoltar uisce ó chóras dobharshaothraithe go dtí córas hidreaphonaice, áit ina mbriseann baictéir fosaithe nítrigine síos na seachtháirgí go níotráití agus nítrítí, agus úsáideann na plandaí na nítrítí mar chothaithigh. Athchúrsáiltear an t-uisce ansin ar ais go dtí an córas dobharshaothraithe.

Tá córais uilig na huiscephonaice na linne seo, bunaithe ar theicnící reatha na feirmeoireachta hidreaponaigh agus dobharshaothraithe, agus is féidir leis an méid, castacht, agus cineálacha bianna a fhástar i gcóras uiscephonaicach a athrú, an oiread agus aon chóras eile a bhíonn ar fáil i gceachtar disciplín feirmeoireachta ar leith.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fréamhacha ársa ag an uiscephonaic, cé go bhfuil roinnt díospóireachta faoin a bunús:

  • Shaothraigh na hAstacaigh oileáin talmhaíochta, ar a dtugtar chinampas, i gcóras a mheasann roinnt saineolaithe a bhí ar an gcéad fhoirm d'úsáid na uisceaphonaice le haghaidh na talmhaíochta. Shaothraigh siad plandaí ar oileáin dhoghluaiste (agus shoghluaiste uaireanta) i lochanna tanaí agus d'úsáid siad ábhair dramhaíola a bhí dreideáilte ó chanálacha na Chinampa agus ó chathracha máguaird chun na bplandaí a uisciú leis na lámha.
  • Luaitear deisceart na Síne, An Téalainn, agus an Indinéis, réigiúin a shaothraigh agus a ndearnadh feirmeoireacht ríse agus éisc taobh le chéile i ngoirt ríse, mar shamplaí de luathchórais na uisceaphonaice. Bhí córais feirmeoireachta ilshaothráin ann i go leor tíortha san Chianoirthear agus saothraíodh éisc mar an t-iasc Misgurnus anguillicaudatus, an eascann Monopterus albus, an carbán coiteann Cyprinus carpio agus an carbán crosach Carassius carassius, chomh maith le seilidí locháin Viviparidae.

Comhpháirteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn an uiscephonaic comhdhéanta de dhá phríomhpháirt; cuid na dobharshaothraithe le haghaidh ainmhithe uiscí agus cuid na huiscephonaice le haghaidh phlandaí a fhás. Carnann eisiltigh uisceacha, a eascraíonn as béilí neamhite nó as ainmhithe ar nós iasc a shaothrú, in uisce mar gheall ar an chóras-dúnta a athfhilleann formhór na gcóras dobharshaothraithe. I dtiúchan ard, éiríonn an t-uisce eisilteach-saibhir rud gur féidir leis a bheith tocsaineach don ainmhí uisceach. Bíonn na heisilteach seo ina chothaithigh riachtanacha le haghaidh fás na bplandaí. Cé go bhfuil sé comhdhéanta go príomha de dhá chuid, bíonn na córais uiscephonice roinnte i go leor comhpháirteanna nó fochóras, a bhíonn freagrach as; dramhaíl sholadach a bhaint amach, neodrúcháin aigéid le boinn, nó le haghaidh ocsaiginithe uisce a chothabháil. I measc na comhpháirteanna tipiciúla bíonn;