Uisce Éireann-Irish Water

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Uisce Éireann)
Bosca Sonraí EagraíochtaUisce Éireann-Irish Water
Sonraí
Cineálstatutory corporation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinwater.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: IrishWater Twitter: IrishWater Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Uisce Éireann-Irish Water fóntas uisce náisiúnta nua na hÉireann atá freagrach as seirbhísí uisce ar fud na hÉireann a sholáthar agus a fhorbairt.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Uisce Éireann i Márta 2013 mar chuideachta leathstáit faoin Acht um Sheirbhísí Uisce 2013. Tagann seirbhísí uisce agus fuíolluisce na 34 hÚdarás Áitiúla le chéile faoi aon soláthraí seirbhíse náisiúnta amháin.

Glacann Uisce Éireann freagrachtaí na nÚdarás Áitiúil de réir a chéile ó mhí Eanáir 2014 ar aghaidh. Tógann sé thart ar chúig bliana Uisce Éireann a bhunú go hiomlán. Bhí sé ar intinn ag an rialtas sa bhliain 2014 go mbeadh Uisce Éireann freagrach i 2019 as feidhmiú na seirbhísí uisce poiblí, lena n-áirítear bainistiú a dhéanamh ar na sócmhainní náisiúnta uisce, cothabháil an chórais uisce, infheistíocht agus pleanáil, tionscadail chaipitil a bhainistiú agus cúram custaiméirí agus billeáil.

Freagrachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomh maith le freagracht a bheith aige i leith seirbhísí uisce poiblí, tá Uisce Éireann ag déanamh cinntí caipitil agus cinntí infheistíochta maidir le bonneagar uisce na tíre ar bhonn náisiúnta.

Tá Uisce Éireann freagrach do dhá chomhlacht rialála – an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh, an rialtóir eacnamaíoch don tionscal uisce, agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, an rialtóir comhshaoil.

Níl Uisce Éireann ar cheann do na comhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, i láthair na huaire.

Dúshláin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2023, léirigh tuarascáil an GCC[1] ar cháilíocht an uisce go bhfuil cáilíocht uisce sna lochanna, aibhneacha, agus inbhir in Éirinn ag dul in olcas, agus go bhfuil go leor pobal in Éirinn fós ag fulaingt ó shrianta uisce agus fógraí.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire)
  2. An Fóram Uisce /thewaterforum.ie (2023). "Tuarascáil Bhliaintúil 2022". Dáta rochtana: 2023.