Uinseann Ó Colla (Mad Dog Coll)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coirpeoir agus drongadóir Meiriceánach de phór Thír Chonaill a bhí in Uinseann Ó Colla (Béarla: Vincent Coll, nó Mad Dog Coll - "An Madra Mire"), a saolaíodh i nGaoth Dobhair ar an 20 Iúil 1908 agus a cailleadh i Nua-Eabhrac ar an 8 Feabhra 1932. Dúnmharfóir agus amhas den chineál ba mheasa ab ea é, nó i measc an fhiche éigin duine a mharaigh sé, bhí buachaill beag nach raibh ach cúig bliana d'aois. Bhí baint aige le drongadóirí móra na linne, cosúil le Dutch Schultz, Lucky Luciano, agus Bugsy Siegel. Chuala an saol iomrá air, agus scannánaíodh scéal a bheatha cúpla uair. I rith a shaoil ghairid, is iomaí duine a ghlac col leis, i bhfianaise an oiread daoine is a mharaigh sé. Sa deireadh, d'ullmhaigh a chuid naimhde an chinniúint chéanna dó féin. Lámhach triúr fear acu siúd é i siopa poitigéara i nDeisceart Nua-Eabhraic, nuair nach raibh sé ach trí bliana fichead d'aois.

Vincent Coll (lár) ag fágáil na cúirte i Nua-Eabhrac sa bhliain 1931

A Shaol[athraigh | edit source]

A Mhuintir[athraigh | edit source]

B'iad Tuathal Óg Mac Colla ó Ghaoth Dobhair agus Áine Máire Nic Dhonnchadha (Anna Mary Duncan) ó Bhaile Átha Cliath tuismitheoirí Vincent Coll. Casadh ar a chéile an chéad uair i mBrooklyn, Nua-Eabhrac sa bhliain 1892 iad, áit a ndeachaigh an bheirt acu ar imirce roimhe sin. Phós siad gan mhoill, agus rugadh an chéad duine clainne dóibh i ndeireadh na bliana dár gcionn, iníon ar bhaist siad an t-ainm Florence uirthi. Ansin, áfach, chinn siad ar dul abhaile go Gaoth Dobhair. Is amhlaidh gur theastaigh ó Thuathal dul i seilbh agus i gcúram na feirme a fuair sé le hoidhreacht óna athair, Tuathal Mór, nó "Tuathal na Stócach", mar ab aithnid do mhuintir na háite é, toisc gur rugadh clann mhór dó, lá a shaoil.

Tús a Shaoil[athraigh | edit source]

Saolaíodh clann mhór mhac don lánúin i nGaoth Dobhair, ach fuair cuid mhór acu bás ina dtachrán, agus níor mhair aon fhear acu mórán thar fiche bliain d'aois. B'ansin a tháinig Vincent féin chun saoil ar an 20 Iúil 1908. Bhí triúr deartháireacha aige nár cailleadh ina dtachráin, agus iad uile níos sine ná eisean.

Ní raibh saol an fheirmeora ag éirí go rómhaith le Tuathal Óg i nGaoth Dobhair. Mar sin, chinn na tuismitheoirí filleadh arís go Meiriceá. Bhain siad amach Nua-Eabhrac ar an 12 Aibreán 1909, agus shocraigh siad síos i dtionóntán i mBronx. Plódcheantar suarach a bhí ann san am, agus na coirpigh is na ciontóirí ag mursantacht leo ar fud na háite, rud a cheadaigh na póilíní faoi chroí mhór mhaith. Mura ndeachaigh ag an teaghlach i nGaoth Dobhair, ní bhfuair siad saol ar fónamh sna Stáit ach an oiread. Ní raibh siad ocht mbliana san Oileán Úr, nuair a fuair Áine, máthair Vincent, bás le niúmóine. I ndeireadh na bliana 1920 agus i dtús na bliana 1921, arís, shíothlaigh beirt deartháireacha de chuid Vincent go gairid sna sálaí ag a chéile - Charles a bhí seacht mbliana déag san am, agus Tomás, a bhí ar an duine ba sine acu, agus é trí bliana fichead. Eitinn ba thrúig bháis dóibh. B'iad Peter agus Vincent an t-aon bheirt amháin a fágadh beo, agus ní raibh Vincent ach dhá bhliain déag d'aois. Maidir le hathair na mbuachaillí, Tuathal, bhí sé ag dul le druncaeireacht agus ag déanamh faillí ina chlann le fada an lá. Is beag crann taca a bhí ann dóibh, mar sin.

Oiliúint an Ógchiontóra[athraigh | edit source]

I ndiaidh bhás a máthara, cuireadh Peter agus Vincent i ndilleachtlann Chaitliceach i Staten Island. Chaith Vincent trí bliana ansin, go dtí gur fágadh faoi chúram a aintín Mary Friel é i mBronx. Ní raibh Aintín Máire ábalta mórán dea-bhéasaíochta a mhúineadh don bhuachaill, agus sa deireadh, b'í Florence, a deirfiúr, a ghlac Vincent agus Peter chuici. Bhí Florence pósta ar fhear darbh ainm Joe Reddan, agus bhí an lánúin sin sáite go domhan i saol na coiriúlachta. Níorbh aon dea-shampla do na buachaillí óga iad.

Ní raibh mórán suime ag Vincent sa scolaíocht, agus cé go raibh sé in ainm is a bheith ag freastal ar scoil phoiblí i mBronx, b'fhearr leis a bheith ag múitseáil. Bhí sé ag dul le mionchoirpeacht cheana féin, ag éileamh dúchíosa ar na díoltóirí sráide agus ag ionsaí aon duine go fíochmhar nach mbeadh géilliúil dó. Ógchiontóir den chéad scoth, nó b'fhéidir den díogha dheireanach, a bhí ann nuair nach raibh sé ach ceithre bliana déag d'aois.

San am seo, bhí drong de bhuachaillí óga faoina chomandracht cheana féin, agus iad ag déanamh coireanna de réir na n-orduithe a gheobhaidís uaidh. Ón taobh eile de, bhí naimhdeas mór idir Vincent agus mórchiontóir ógánta eile na comharsanachta, buachaill Giúdach arbh ainm dó Arthur Flegenheimer. Ní ba deireanaí, fuair an saol mór aithne ar an stócach seo faoin ainm Dutch Schultz, agus baint aige le saol coiriúil Vincent feasta, freisin.

Tholg Vincent an eitinn nuair a bhí sé cúig bliana déag d'aois, agus cuireadh i dteach téarnaimh in Otisville é le biseach a fháil. D'éalaigh sé ón áit sin féin, agus beag beann ar an bhfuacht amuigh agus ar an ngalar, chaith sé deireadh an fhómhair agus tús an gheimhridh sna sráideanna. Sa deireadh, rugadh air agus coinníodh cúpla mí in ospidéal an bhardais é go dtí gur tháinig cuma éigin sláinte air.

Mhair Vincent ag déanamh coireanna ar feadh tamaill eile, ach i Mí Lúnasa 1926, ghearr an chúirt téarma dó i lárionad ceartúcháin na n-ógchiontóirí in Elmira, Stát Nua-Eabhraic. Cé go raibh an áit seo ceaptha mar ionad ceartúcháin do na hógchiontóirí le hiad a athoiliúint ar dhóigh dhaonnachtúil, le fírinne bhí brúidiúlacht agus céasadóireacht ag rith damhsa ar fud an ionaid. Bhí na háitritheoirí ag bualadh agus ag éigniú a chéile go minic, agus na séiléirí ag dul i muinín na láimhe láidre le spraic éigin a chur orthu.

Is léir nár fhoghlaim Vincent ach tuilleadh scileanna coiriúla ina leithéid d'áit. Is é an tátal a bhain údaráis an lárionaid as mo dhuine ná nach raibh ciall aige do chúrsaí moráltachta ná dúthracht ann chun oibre. Nuair a scaoil siad saor leis an chéad uair, chrom sé ar an gcoiriúlacht gan mhoill, agus cuireadh isteach é arís eile. Faoi dheireadh, sa bhliain 1929, d'fhág sé Elmira go deifnideach.

An Lánchosc agus an Choirpeacht[athraigh | edit source]

Faoin am seo, bhí Dutch Schultz, sean-namhaid Vincent ó laethanta a óige, sáite i ngnó na biotáille mídhlíthiúla. Bhí cosc ar an mbiotáille i Meiriceá, ach má bhí féin, bhí na daoine ag ól leo ní ba mhó ná riamh, agus na coirpigh ag éirí saibhir ag díol alcóil. Bhí cinniúint Dutch Schultz sách cosúil le saol Vincent: peasghadaí a bhí ann a chuaigh le gnó na biotáille nuair a tháinig an Lánchosc i bhfeidhm. Sa bhliain 1928, chuir Schultz agus fear darbh ainm Joey Noe síbín ar bun ar an airgead a bhí saothraithe ag Schultz ag robáil is ag gadaíocht. D'fhostaigh Schultz amhais mhóra an cheantair le smacht a fháil ar ghnó na biotáille timpeall a shíbín féin. Sa deireadh, bhí impireacht stiléireachta agus díoltóireachta biotáille aige, agus úinéirí a lán síbíní ar teaghrán aige: chaithfeadh na tábhairneoirí dúchíos a íoc leis, nó ba dóibhsean ba mheasa.

Nuair a d'imigh Vincent ó Elmira, chuaigh sé ar lorg oibre i ndrong Schultz. Ar dtús, thosaigh sé ag spallaíocht le cailín Schultz, Trixie Tralee, i gcomhchlos Schultz féin, agus shaighid Schultz a gharda cosanta, cránaí mór fir darbh ainm Bo Weinberg, i Vincent le ceacht a mhúineadh dó. Cé gur fear mór a bhí i Weinberg, ní trodaí sciliúil a bhí ann, agus níor thóg sé mórán ama ná oibre ar Vincent é a leagan. Ba mhór an t-imprisiún a d'fhág Vincent ar Dutch Schultz ansin, agus bhí an boc mór sásta dearmad a dhéanamh den tsean-naimhdeas agus Vincent a fhostú mar ruifíneach agus mar dhúnmharfóir íoctha.

Chuaigh Vince i ngleic lena chuid tascanna le díograis mhór Shádach. Mar shampla, uair amháin, bhí beirt deartháireacha Éireannacha, John agus Joe Rock ag díol biotáille i mBronx i bhfad sular chuala aon duine iomrá ar Vince ná ar Schultz féin. Ó dhiúltaigh siad deachú a íoc le Schultz, tugadh ar Vince díoltas a imirt orthu. Is é an rud a rinne Vince ná fear acu a fhuadach agus leadhbairt uafásach a thabhairt dó. Nuair a bhí an fear bocht crochta ar a ordóga de bhacáin seamlais, chuir Vince scriosán éadaigh ar a shúile a bhí ar maos le hábhar silte ó fhear a raibh gónairith air. Is féidir leis na baictéir ghónairith tonnta na súl a ionfhabhtú agus a athlasadh go dona, agus mar sin, nuair a scaoil Vince saor le Joe Rock, bhí sé ina chreapaltán dall, agus é sásta éirí as gnó na biotáille ar an toirt.

Ag Scarúint le Schultz[athraigh | edit source]

Níor fhan Vince i bhfad ag obair do Schultz, nó ní raibh meon na beirte sin ag teacht le chéile. Ní bhíodh Vince sásta aird a thabhairt ar orduithe aon duine, nó ba dóigh leis gurbh aige féin ab fhearr a bhí fios a ghnó féin, ach ar ndóigh, theastaigh ó Schultz nach rachadh aon duine dá chuid cúlaistíní chun cearmansaíochta air. Rinne Vince agus drongadóir eile darbh ainm Carmine Barelli ruathar mór robála, agus thit sé ar chrann an Éireannaigh an chuid ba mhó den obair pleanála agus ullmhúcháin a dhéanamh. Bhí Vince den bharúil go raibh curadhmhír na creiche - ocht míle déag dollar - ag dul dósan, ach theastaigh ó Barelli an chreach a roinnt go cothrom. Chuaigh sé ar lorg cuidiú ó Schultz, agus b'é deireadh an scéil gurbh é Schultz féin a thóg an tríú cuid den chreach: ní bhfuair Coll agus Barelli ach sé mhíle dollar an duine. Ní raibh Vince sásta, agus mar sin, d'fhág sé slán ag Schultz le cromadh ar a dhrong féin a chur ar bun. Mheall sé chuige drongadóirí míshásta as measc chúlaistíní Schultz, agus mharaigh sé Barelli nuair a sceith seisean le Schultz go raibh Coll ag dul in iomaíocht leis.

Thosaigh Coll ag imeaglú na dtábhairneoirí a bhí ag íoc táille cosanta le Schultz, agus é ag áitiú orthu go mba chóir dóibh an deachú a thabhairt dósan feasta. D'fhuadaíodh sé trucailí dáileacháin alcóil de chuid Schultz. Bhí na póilíní féin barúlach go raibh sé ag déanamh dea-oibre ag cur as do Schultz. D'éirigh ina chogadh dearg idir Coll agus Schultz, agus maraíodh naonúr déag, ar a laghad, sa chogadh sin.

Bás a Dhearthára agus Fuadach "Big Frenchy"[athraigh | edit source]

Ba le linn an chogaidh seo a mharaigh lucht leanúna Schultz deartháir Vince, Peter Coll. Ní ceannaire carasmatach ar aon leibhéal lena dheartháir a bhí ann, mar Pheter, ach gnáthchiontóir. Mar sin féin, bhí ról tábhachtach aige, ó bhí sé ábalta maolú ar mheon fíochmhar a dhearthára. Maraíodh ar an 30 Bealtaine 1933 é. Cé gur fear cruálach a bhí ann riamh, chuaigh Vince thar cheasaí ar fad anois. Mharaigh a dhrong duine i ndiaidh duine de lucht leanúna a namhad, agus d'ionsaigh siad garáiste de chuid Schultz leis na meaisíní agus na leoraíonna istigh a scrios ar fad. Sa deireadh, d'fháiltigh Schultz na póilíní féin isteach chuige le go mbeadh cosaint éigin aige ar chuthach Vince.

I Meitheamh 1931, d'fhuadaigh Coll "Big Frenchy", nó George Jean de Mange - boc mór i saol na coiriúlachta a bhí ina pháirtnéir gnó ag Owney Madden, "an Diúc". Drongadóir cliste a bhí i Madden agus é ar duine acu siúd a bhí ag cur malairt cuma ar an gcoirpeacht eagraithe: bhí sé á "príomhshruthú", agus é ina fhear gnó den ghnáthchineál i mbreis ar a bheith ina choirpeoir. Bhí aithne aige ar na maithe is na móruaisle freisin. D'íoc Madden luach fuascailte a chara gan mhoill, ach is léir nach raibh sé sásta a leithéid d'uirísliú a mhaitheamh do Coll. Bhí namhaid thar a acmhainn ag Coll anois.

Fuadach Billy Warren[athraigh | edit source]

Go gairid ina dhiaidh sin, robáil Coll fear darbh ainm Billy Warren. Bhí Warren ina "bhaincéir" ag geallghlacadóirí agus ag lucht cearrbhachais: d'fhéadfadh sé dhá chéad míle dollar a iompar taobh istigh dá chóta le hiasacht thobann a thabhairt don té a bhí ina call, ar ús millteanach ard, ar ndóigh. Tháinig Coll agus a leathbhádóir aniar aduaidh ar Warren, agus b'éigean don "bhaincéir" an 83,000 dollar a thabhairt uaidh a bhí ar iompar aige.

Níor thaitin an eachtra seo le Madden. Bhí sé inbharúla go raibh Coll ag tarraingt calláin agus trioblóide, ag cur na ndaoine trí chéile agus ag cur isteach ar an ngnó. Thairis sin, bhí speisialtóireacht Coll - an fhuadaitheoireacht - ag dul as faisean, ó bhí an iomarca poiblíochta agus gáifeachais ag baint léi. B'fhearr le mafiosi na ré nua a gcuid oibre a dhéanamh go ciúin agus ligean orthu nach raibh iontu ach fir ghnó den ghnáthchineál. Ní raibh fear taomach taghdach spadhartha cosúil le Coll ró-oiriúnach do stíl nua na coirpeachta eagraithe. Mar sin, lá de na laethanta, chaithfeadh sé imeacht.

Marú Michael Vengelli[athraigh | edit source]

Lean sé leis ag cur cogaidh ar Schultz, ach ansin, tharraing sé súil an tsaoil mhóir air féin le heachtra nár chúis mhaíte í go díreach. D'fhéach sé le Joey Rao, fear tábhachtach i mbaicle Dutch Schultz agus namhaid pearsanta de chuid Coll féin, a mharú i bplódcheantar Iodálach nuair a bhí ina neartlá. Má d'éirigh le Rao teacht slán ó na hurchair, fágadh Michael Vengelli, tachrán cúig bliana, gonta go héag ar an tsráid, agus ghortaigh an lámhach cúigear páistí eile go dona. Is follasach go raibh muintir Nua-Eabhraic ar fad ag bagairt an míle murdar ar na mafiosi go léir i ndiaidh na n-imeachtaí seo, agus bhí sibhialaigh ag caint faoi ghrúpaí forairdill a chur ar bun le deireadh dearfa a chur leis na coirpigh eagraithe, ó nach raibh an chosúlacht ar na póilíní go bhféadfaidís é a dhéanamh, iad féin. Follasach go leor, ní raibh na drongadóirí féin róshásta le claochlú seo an atmaisféir. Bhí sé ag déanamh dochair don ghnó.

Na Póilíní ar Thóir an "Mhadra Mire"[athraigh | edit source]

Bhí tóir buile ag na póilíní ar Coll i ndiaidh mharú Michael Vengelli. Bhí bás an linbh ar fud na nuachtán, agus na hiriseoirí ag éileamh go n-agrófaí díoltas míthrócaireach ar Coll agus ar a chuid drongadóirí gan triail chúirte ar bith. Cuireadh ina leith go raibh siad ar meisce nuair a mharaigh siad an tachrán, agus gur bhain siad sult de chineál éigin as an ainghníomh. Tugadh "dreancaidí i mbréagriocht an duine" orthu, agus ainmneacha ba mheasa ná sin. B'é ba toradh don atmaisféar seo ná gur mharaigh na póilíní roinnt daoine a raibh siad in amhras orthu, daoine gorma go minic, nach raibh baint ar bith acu le gnóthaí cama Coll.

Cuireadh bleachtairí ar stádar i bplódcheantar na nIodálach - bleachtairí a raibh Iodáilis ó dhúchas acu - ach is ar éigean a d'éirigh leo leathfhocal a bhaint as muintir an cheantair, nó thug siad urraim don omertà, dlí an tosta. Chuaigh na bleachtairí ar lorg Joey Rao féin.

Bhí Rao díreach tar éis Dutch Schultz a thréigean le dul i gcomhar le boc mór na droinge Sicilí, Cino Terranova. Roimhe seo féin, tháinig sé slán as cúpla iarracht dúnmharaithe, nó bhí cleas diabhalta aige le cur isteach ar aon duine a bheadh ag féachaint le hé a mharú: bhíodh sé ag roinnt boinn airgid ar na páistí, agus mar sin, bhíodh slua acu ina mhórthimpeall gach áit dá rachadh sé, agus chaithfeadh an dúnmharfóir dul sa seans go mbuailfeadh a urchar duine de na páistí.

Fuair na póilíní an chéad leid thábhachtach ó dhuine eile ar fad seachas Rao, fear óg darbh ainm Tommy Trabino. Andúileach agus díoltóir drugaí a bhí ann. Nuair a chuir na póilíní ceastóireacht air, rinne siad céasadóireacht de, ionas gur bhris siad dhá easna air. Ní raibh sé sásta fianaise a thabhairt sa chúirt ina dhiaidh sin, agus b'éigean don ionchúisitheoir sa deireadh cead a chos a fhágáil aige.

Sa deireadh, theip ar na póilíní a ndóthain fianaise a bhailiú in aghaidh Coll. D'éirigh leo, áfach, é a chúiseamh i gcoir eile, mar atá, seilbh mhídhlíthiúil ar arm tine. Ó bhí sé ciontaithe sa choir seo uair amháin cheana féin, níor glacadh léi mar oilghníomh a thuilleadh, ach mar fheileonacht.

Coll agus Legs Diamond[athraigh | edit source]

Idir an dá linn, bhí Coll ag déanamh taiscéalaíochta i dTuaisceart Stát Nua-Eabhraic, i ríocht Legs Diamond. Ní raibh an gnó ag éirí le Legs mar a bhíodh. Mar sin, ghlac Coll an plean go rachadh sé i gcomhar le Legs ag gáinneáil le biotáille, agus nuair a bheadh an bheirt acu ina suí go socair agus ag fáil an lámh in uachtar ar na dronga eile, d'fhéadfadh sé Legs a mharú agus a leathsan den ghnó a shealbhú.

B'as Cúige Uladh do Legs, nó Seán Ó Móráin (Jack Moran), chomh maith le Vincent Coll. Ba lucht inimirce ó Éirinn iad a thuismitheoirí, agus phós siad i gContae an Chabháin. Fear mór banaíochta a bhí ann, mar Legs, agus háram iomlán de chailíní deasa dathúla aige le freastal ar a riachtanaisí craicinn, cé go raibh sé pósta freisin, ar ndóigh. Tháinig sé slán as a lán iarrachtaí maraithe, ach má tháinig féin, criathraíodh chomh dona é is go raibh a shláinte ag teip air i dtús na dtríochaidí, cé nach raibh sé mórán thar an deich mbliana fichead d'aois.

Na hoibríochtaí a bhí ar shiúl ag Coll in Albany le Legs Diamond a mharú nó le comhoibriú a chur ar bun leis - is dealraitheach nach raibh a fhios ag Coll féin cé acu den dá rud a bhí sé a iarraidh a dhéanamh i ndáiríre - tharraing siad súil na bpóilíní i dtreo na háite, agus caitheadh na fir ba scanrúla i ndrong Coll i dtóin an phríosúin. Is dócha nár chinn sé ach anois gurbh fhearr dó comhoibriú le Legs ar dtús agus é a mharú ina dhiaidh sin. Chuaigh sé i dteagmháil le Legs, agus tháinig siad ar chomhthuiscint.

Cuid den chomhthuiscint sin ab ea go gcaithfeadh Coll airgead a shaothrú le Legs a choinneáil glan ón bpríosún. Ghlac sé leis gurbh é an fuadach a thabhódh an t-airgead dó. Bhí sé beartaithe aige fear darbh ainm Connie Immermann a fhuadach, úinéir club oíche a raibh an-seasamh aige i measc choirpigh na háite. De thaisme, áfach, d'fhuadaigh sé deartháir Connie, George Immermann. D'éirigh leis, áfach, 25,000 dollar a shaothrú ar an jab, slám maith a shásaigh Legs.

D'éirigh an comhoibriú go maith le Coll ar dtús, ach ansin, thosaigh na póilíní ag ionsaí a chuid síbíní. Rinne na ruathair seo an-dochar dá ghnó, agus dá réir sin, bhí a chuid naimhde ag sealbhú na muráití uaidh.

Dúnmharú Joe Mullins[athraigh | edit source]

Chinn Coll ar ghníomh as an ngnáth a dhéanamh lena chinntiú go dtabharfaí ómós dó arís. Dhúnmharaigh sé Joe Mullins, comhoibritheoir tábhachtach de chuid Dutch Schultz. Fuair bleachtairí radharc ar phláta ceadúnais na ndúnmharfóirí agus tháinig siad ar lorg an ghluaisteáin, ionas go raibh siad ábalta breith ar Vincent "Jimmie" De Lucia, duine de chúlaistíní Coll. Cuireadh croscheistiú air, ach is deacair a rá, ar baineadh eolas ar bith as. Bhí sé ní ba tábhachtaí go bhfuair na póilíní lipéad beag páipéir aige a raibh uimhir ghutháin breactha síos air. Chabhraigh an uimhir seo leis na bleachtairí ceann de na hóstáin a aithint ina raibh cónaí ar chuiditheoirí de chuid Coll. Nuair a fuair siad greim ar cheann amháin an tslabhra, mar sin, d'éirigh leo an ceann eile a tharraingt chucu. I ndiaidh an chéad óstán a chuardach, fuair siad amach faoin gceann eile, agus sa deireadh, bhí Coll féin gafa acu.

Gafa...[athraigh | edit source]

Is beag scanradh a bhain na póilíní as an Madra Mire nuair a chonaic sé chuige iad. Ar ndóigh, bhí i bhfad níos mó eagla air roimh scuad dúnmharfóirí de chuid Dutch Schultz. Ní raibh na póilíní in ann é a scanrú ar aon nós, nó sa phríosún, bheadh sé slán sábháilte ó Schultz.

D'aithin an finné súl - fear oibre a chonaic an dúnmharú - "toirpéad" Coll, fear darbh ainm Dominick "Tuffy" Odierno, chomh maith le Frank Giordano mar dhúnmharfóirí Joe Mullins. Bhí Giordano ina ilcheardaí i ndrong Coll, nó bhíodh sé freagrach as ullmhúcháin phraiticiúla na gcoireanna: bheadh seisean ag cur an lóistín in áirithe agus ag tiomáint an ghluaisteáin éaluithe. Mar sin, bhí sé nádúrtha gurbh eisean a bhí ag an roth stiúrtha an iarracht seo freisin.

Ciontaíodh Tuffy agus Giordano i ndúnmharú Mullins sa deireadh. Ar an 3 Nollaig 1931, fuair siad breith an bháis, agus is éard a bhí daite dóibh ina dhiaidh sin ná an chathaoir leictreach i bpríosún Sing Sing. Bhí Dutch Schultz míshásta leis an mbreith seo, agus é suite siúráilte nárbh iad na fir seo a bhí ciontach. Nuair a bhí Tuffy ag fanacht leis an mbás i Sing Sing, fuair sé síntiús airgid ó Schultz le haghaidh toitíní agus eile le maolú ar phian na laethanta deireanacha. Dealraíonn sé go raibh Tuffy ag obair do Schultz faoi choim, agus é ina spiaire aige siúd i ndrong Coll. Ní rithfeadh le Schultz bheith chomh flaithiúil sin do dhuine de chúlaistíní Coll, ach cúis éigin den chineál sin a bheith aige leis.

Go gairid i ndiaidh bhreith Giordano agus Odierno, bhí Coll féin á ionchúisiú i ndúnmharú an tachráin. Le linn na próise seo, maraíodh Legs Diamond. Níor thángthas ar na ciontóirí, cé go raibh sé soiléir gurb iomaí drongadóir i Nua-Eabhrac a raibh cúis aige le hé a mharú.

Bhí na húdaráis meáite ar Coll a dhaoradh chun báis as dúnmharú an bhuachalla bhig, ach sa deireadh, bhí fuar acu. Bhí dlíodóir an Mhadra Mire ábalta a áitiú ar an gcoiste cúirte nárbh aon iontaoibh é príomhfhinné na gcúisitheoirí. Mar sin, ní raibh de rogha acu i ndiaidh an iomláin ach Coll a éigiontú.

...agus Scaoilte Saor Arís![athraigh | edit source]

Ar ndóigh, bhí na nuachtáin agus lucht a léite ar coipeadh le fearg, nuair a chualathas go raibh cead a chos ag an Madra Mire, agus é ar a sheanléim. Ar an 11 Eanáir 1932, áfach, rugadh ar Coll arís, agus é díreach ag caitheamh mhí na meala lena chailín Lottie (bhí siad tar éis ceadúnas pósta a lorg is a bhaint amach ón mbreitheamh, ach is dealraitheach nár phós siad riamh i ndáiríre). Bhí na póilíní ag déanamh go raibh Coll tar éis a ordú dá chuid cúlaistíní Dutch Schultz a mharú. Bhí Schultz beo breabhsánta i gcónaí, áfach, agus ní raibh fianaise ar bith ag na póilíní in aghaidh Coll. Mar sin, scaoil siad saor leis i ndiaidh tamaillín, ach má scaoil, bhí an chuma ar an scéal go raibh na húdaráis meáite anois ar ghéarleanúint cheart a dhéanamh ar an Madra Mire. San am céanna, bhí na hiriseoirí ag scríobh leo faoin gcogadh dearg idir Coll agus Dutch Schultz. Bhí na coirpigh ag léamh nuachtán chomh maith leis na daoine eile, agus chrom siad ar an gcogaíocht a bhítí a shamhlú leo.

Ródach na Féile Bríde[athraigh | edit source]

Ar an 1 Feabhra 1932, mharaigh lucht leanúna Dutch Schultz beirt fhear de dhrong Coll sa bhaile acu. Fuair bean de lucht a n-aitheantais bás sa teagmháil chomh maith. Is dócha go rabhthas ag iarraidh Coll féin a mharú, ach nuair nár tháinig scuad an bháis ar an mboc mór féin, ghabh siad leor leis na cúlaistíní.

Níor mhaolaigh "ródach na Féile Bríde" ar iarrachtaí Coll dul i gceannas ar shaol coiriúil Nua-Eabhraic. D'éirigh na drongadóirí eile fíorneirbhíseach, agus an dóigh a raibh Coll ag ionsaí a gcuid síbíní. De réir cosúlachta, bhí sé ag féachaint le gnó na biotáille a shealbhú le lámh láidir. Bhí Owney Madden, úinéir an Cotton Club agus rí na grúdarlannaíochta i Nua-Eabhrac, ar an duine ba mhó a bhí buartha. Bhí cuid mhór de shíbíní na háite i dtuilleamaí Madden agus a chuid grúdarlann le haghaidh beorach, agus mar sin, fear a bhí ann a raibh seasamh as an ngnáth aice i saol coiriúil na cathrach.

Chuir Coll brú ar Madden, agus é ag iarraidh cuid de bhrabús na ngrúdarlann a ghearradh air mar chíos dubh. Ní bhfuair sé ach an cur ó dhoras, áfach. Mar sin, chinn Coll ar Jack Marron, a bhí pósta ar dheirfiúr Madden, a fhuadach agus 100,000 dollar a éileamh mar phraghas a fhuascailte. Níor fhuadaigh sé Marron, áfach - ní dhearna sé ach scairt teileafóin a chur ar Marron agus a rá leis go maródh sé Marron mura n-íocfaí an tsuim airgid sin leis.

Chuaigh Madden i dteagmháil le Coll, agus é ag áitiú air nach bhféadfadh sé a leithéid de shlám airgid a chur ar fáil dó gan dul i gcomhchainteanna lena chuid páirtnéirí gnó. Thug Coll spás dó go dtí an 9 Feabhra.

A Bhás[athraigh | edit source]

Bhí tráthnóna ann nuair a bhain Coll amach Sunnyside i New Jersey, áit a raibh lucht aitheantais aige, agus gnóthaí coiriúla le socrú leo. Ag filleadh abhaile ón gcruinniú a bhí aige leo siúd, bhuail Coll agus an fear a bhí á chomóradh mar gharda cosanta, bhuail siad isteach i ndruglann London Chemists ag 314 West Twenty-Third Street in aice le hÓstán Cornish Arms, áit a raibh cónaí ar Coll agus ar a chailín Lottie.

Chuaigh Coll i mbosca teileafóin sa siopa le scairt a chur ar Madden, ach ní bhfuair sé cead cainte leis an mboc mór. An duine a d'fhreagair, bhain sé comhrá fada as Coll, ionas go mbeadh d'uain ag scuad an bháis a gcuid oibre a chur i gcrích. Bhí an Madra Mire ag caint ar an nguthán i gcónaí nuair a bhain gluaisteán na murdaróirí amach London Chemists. Ní raibh maith ar bith sa gharda cosanta, nó a thúisce is a chonaic sé buíon an bháis ag teacht isteach, sheangaigh sé leis ar a bharraicíní. Dhírigh na dúnmharfóirí a gcuid arm tine ar an mbosca teileafóin ar a suaimhneas, i nganfhios do Coll, agus aimsiú maith acu. Bhi Coll i mbun comhrá i gcónaí nuair a criathraíodh le cúig philéar déag é, agus bhí sé marbh sular thit sé as a sheasamh.

B'iad Leonard Scarnici agus Anthony Fabrizzo a mharaigh Coll, agus Bo Weinberg ag tiomáint an ghluaisteáin. Ní raibh fad saoil i ndán d'aon duine acu. Maraíodh Fabrizzo ar an 20 Samhain 1932 i ndiaidh dó iarracht theipthe a thabhairt ar Bugsy Siegel a mharú. Maidir le Scarnici, cuireadh chun báis é ar an 27 Meitheamh 1935. Dúnmharú bleachtaire a thabhaigh an pionós dó, ach ag fanacht leis an mbású dó i Sing Sing, d'admhaigh sé ceithre dhúnmharú déag ar fad, dúnmharú Coll ina meascsan. Chuaigh ceal i mBo Weinberg i ndiaidh an 9 Meán Fómhair 1935. Creidtear gurbh iad cúlaistíní Dutch Schultz a mharaigh iad, ó bhí Weinberg ag comhoibriú le Lucky Luciano in aghaidh Schultz. B'iad Luciano agus a chuid comhghuaillithe a mharaigh Schultz go gairid ina dhiaidh sin.

Coll sa Phopchultúr[athraigh | edit source]

Scannánaíodh scéal beatha Coll féin faoi dhó, sa bhliain 1962 agus sa bhliain 1992, faoin teideal céanna, Mad Dog Coll. John David Chandler a rinne an pháirt sa seanscannán, agus Christopher Bradley a bhí sa phríomhról sa cheann nua. Sa tsraith teilifíse ó na caogaidí agus na seascaidí, The Untouchables, chonacthas William Martin "Clu" Gulager sa ról.

Foinsí[athraigh | edit source]

  • DELAP, Breandán: Mad Dog Coll - An Irish Gangster. Cló Mercier, Baile Átha Cliath agus Corcaigh 1999