Uibhist a-Tuath
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Landsat Uibhist a-Tuath
Is é Uibhist a-Tuath an deichiú hoileán Albanach is mó agus an tríú hoileán déag is mó mórthimpeall na Breataine Móire. Tá achar de 117 míle cearnach (303 km2) aige, mar sin. tá sé beagán níos lú ná Uibhist a Deas. Tá Uibhist a-Tuath ceangailte le Beinn na Faoghla le cabhsa trí Eilean Ghriomasaigh agus le Beàrnaraigh agus leis a' Bhaile Shear le cabhsa eile. Tá an t-oileán mín réidh, ach amháin san oirdheisceart, agus tá flúirse portach, cnoc agus lochanna ann. Tá níos mó ná leath an oileáin clúdaithe le uisce. Tá meascán d' fhíor-uisce agus de sháile ins an chuid is mó de na lochanna agus tá seo ag soláthair gnáthóige ilchineálaí do na héin agus d'ainmhithe eile.
Clár ábhair |