Uathradagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicníocht chun ionaid adamh radaighníomhach i sampla a thaifeadadh. Cuirtear an sampla ar leathán eibleachta míne fótagrafaí. Cruthaíonn an radaíocht ón sampla íomhá fholaigh d'ionaid na bhfoinsí radaíochta. Léiríonn an eibleacht réalta toilleadh radaighníomhach an tsampla: mar shampla, dáileadh iseatóip radaighníomhaigh i bhfíochán bitheolaíoch.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uathradagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 686.