Uathghiniúint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach anaithnid spontáineach a cheaptaí a bheith ann, roimh ré an mhicreascóip is na micribhitheolaíochta, a dtiocfadh larbhaí cuileog ar fheoil lofa nó beacáin is fungais eile chun cinn. Déanach sa 17ú céad thaispeáin Francesco Redi (1626-1694) go dtagann larbhaí cuileog ar an saol as uibheacha, bíodh is gur uibheacha bídeacha iad. Louis Pasteur (1822-1895) a thaispeáin nárbh ann don uathghiniúint maidir leis na fungais is na frídíní galair. Bhain sé feidhm as fleascán le muineál fada is cor i bhfoirm U ag barr an mhuiníl. Chuir sé tuaslagán saothrúcháin, arbh fhéidir fungais a fhás ann, sa bhfleascán seo, agus bhruith é le pé fungais a bhí ann a mharú is an tuaslagán a dhéanamh aimrid. D'fhág sé i leataobh é ansin, agus bealach ag an aer dul isteach sa bhfleascán gan a leithéid a bheith ag spóir fhrídíní na bhfungas, de bharr an choir sa mhuineál. Níor fhás aon fhungas sa tuaslagán. Ach tar éis do Pasteur an fleascán a chur ar a thaobh i dtreo is gur shnigh cuid den tuaslagán isteach sa chor i muineál an fhleascáin, mar a bhféadfadh spóir fungais a bheith, is an fleascán a fhágaint ina sheasamh arís, d'fhás fungais sa tuaslagán. Ní raibh na horgánaigh seo in ann teacht ar an saol ach ó orgánaigh eile, agus chuir sin críoch le coincheap na huathghiniúna.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uathghiniúint". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 686.