Uathfhócas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fócasú ceamara go huathoibríoch i réigiún ar leith den radharc chun íomhá ghéar a fháil. Baintear feidhm as teicníochtaí éagsúla chuige seo. Mar shampla, tá córas fuaimraonaithe ann ina dtomhaistear an fad ama a thógann sé ar bhíog ultrafhuaime taisteal amach ón gceamara agus ar ais. I gceamara frithchaithimh aonlionsa, tarchuirtear léas cónach solais ón gceamara le ceann an chóin ar an radharc, agus dhá lionsa bheaga os comhair eagair luchtchúpláilte, gabhtar dhá íomhá cheann an chóin isteach san eagar. Ón difríocht pas idir an dá íomhá seo, tiomáineann mótar beag an príomhlionsa chun an fócasú a cheartú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uathfhócas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 685.