Uaisle Acla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is amhrán traidisiúnta é Uaisle Acla. Baineann sé le hOileán Acla. Ba é Pádraic Daeid, An Táilliúir Gorm, a chum an t-amhrán.

An t-Amhrán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leagan le Cáit Nic Suibhne a bhí i measc na hamhráin ar an dlúthdhiosca Glór Mhaigh Eo a eisíodh Cló Iar-Chonnachta sa mbliain 1997.

Mo léan gan mé in Acaill,
Nó ar bhóithre Thír an Áir,
Ag Róise ar an Mhal’ Raithní,
Nó thíos ag Mairéad Bhán.
Dónall Óg Ó Ceallmhaoi,
’Sé a chraithfeadh liomsa lámh,
Nó Séamus Bhriain in Acaill thall
Níorbh fhada liom an lá.

Dá mbeinnse ar an Doirín,
Is ann a gheofainn greann,
Nó ag Parthalán, croí na gcarad,
Nó as sin siar go Céibh.
Tomás Mór Ó Gallchobhair
’gus a’ Charraig uilig ní bréag,
Dá mbeinnse ag cruinniú fataí,
Ba mhaith sin lán mo chléibh.

Dá mbeinnse in Acaill Bheag istoí’,
Bheinn seal ag Antoin Eoghain,
Nó ag Seán ’ac Taidhg an scafaire,
’tá thall ar a’ gCloch Mhóir.
Tá na báid ag teacht ón fharraige ann,
Is na loingis faoi racht seoil,
Ach tá mé i measc na bhfear láistí,
Is ní fada a bheas mé beo.

Is trua gan mé i nDumha Éige,
’s ní fhéadaim a dhul ann,
Tá éisc na mara ag éirí ann
’s na báid ag teacht ón toinn,
Is ann a gheofainn na scafairí
a d’íocfadh amach mo scór,
Dumha Ghoirt is Tóin an tSeanbhaile,
’gus as sin go teach Sheáin Mhóir.

Dá mbeinnse ar a’ gCaiseal,
Is ann a gheofainn greann,
Nó ag Úna i mBun a’ Churraigh,
Níorbh fhada liom an oích’,
Bheinn seal ag Pádraig Ceafarcaigh,
’gus seal ag Aindriú Mór,
Ach tá mé i measc na bhfear láistí,
’s ní fada a bhéas mé beo.

Dhá mbeinnse i nDumha Cinn Aille,
Ar an Abhainn nó ar Shliabh mór,
An Caol ní bheidh mo dhearmad,
Mo chreach is mo bhrón!
Is ann a gheofainn na scafairí
A d’íocfadh amach mo scór
Ach tá mé i measc na bhfear láistí
Is ní fada a bheas mé beo.

Leagan eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mo lean gan mé in Acaill,
Nó ar bhóithre Thír an Áir,
Ag Róise ar an Mhol’ Raithní,
Nó theas ag Mairéad Bhán.
Domhnall Óg Ó Ceallabhuí,
‘Sé a chraithfeadh liomsa lámh,
Nó le Séamus Bhriain in Acaill thall
Níorbh fhada liom an lá.

Dá mbeinnse ar an Doirín,
Is ann a gheobhfainn greann,
Nó ag Parthalán, Croí na gCarad,
Nó as sin siar go Céibh.
Tomás Mór Ó Gallchobhair
Agus an Charraig uilig ní bréag,
Dá dtéinn ag cruinniú fataí ann,
Ba mhaith sin lán mo chléibh.

Dá mbeinnse in Acaill Bheag istoigh,
Bheinn seal ag Antoine Eoin,
Nó ag Seán ‘ac Taidhg an scafaire,
Atá thall ar an Chloch Mhóir.
Tá na báid ag teacht ón fharraige ann,
‘S na luingis faoi reacht seoil,
Ach tá mise i measc na nOrangemen,
‘S ní fada bheas mé beo.

Is trua gan mé i nDú Éige,
Ach ní fhéadaim a dhul ann,
Tá éisc na mara ag éirí
‘S na báid a’ tíocht ón tuinn,
Tá cailíní breátha spéarúla ann,
A dhéanfadh súgradh ‘s greann,
Fáilte mhór in gach aon teach romham
‘S pluid ghléigeal os mo chionn.

Dá mbeinnse i nDumhaigh Cinn Aille,
Ar an Abhainn nó Sliabh Mór,
An Caol níorbh é mo dhearmad,
Mo chreach agus mo bhrón,
Is ann a gheobhfainn scafairí,
A d’íocfadh síos an scór,
Dúghort ‘s Tóin a’ tSean-Bhaile,
‘S as sin o teach Sheáin Mhóir.

Dá mbeinnse ar an Chaiseal,
Is ann a bheadh áit suí,
Ná ag Úna I mBun a Churraigh,
Níorbh fhada liom an oích’,
Bheinn seal ag Pádraig Ceafarcaigh,
Agus seal ag Aindriú Mór,
Ach tá mé i measc na nOrangemen
‘S ní fada bhéas mé beo.