Uainíocht barr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas feirmeoireachta ina bhfástar barra in uainíocht. Is iad na haidhmeanna atá léi ná lotnaidí is fiailí a smachtú agus torthúlacht na talún a chaomhnú. Mar shampla, san 18ú céad i Norfolk Shasana, bhíodh uainíocht dhocht 4 bliana á cleachtadh: glasra fréimhe, eorna, seamair, cruithneacht, glasra fréimhe arís, agus mar sin ar aghaidh. Le spraeanna nua-aoiseacha is leasuithe ceimiceacha, is féidir feirmeoireacht rathúil a dhéanamh gan uainíocht, ach is féidir go ndéanfar damáiste do struchtúr na hithreach. Baineann an chuid is mó d'fheirmeoirí feidhm as roinnt uainíochta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uainíocht barr". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 685.