Uaigheanna sloic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dhá ghrúpa tuamaí ríoga a fuarthas ag ceann thiar dhaingean na cathrach i Mícéiné na Gréige, na príomhshamplaí fionnta i 1876 ag Heinrich Schliemann (1822-1890). 6 sheomra dronuilleogach, timpeall 4.5 m × 6.4 m, gearrtha as an gcarraig, le díonta adhmaid. Gach ceann acu le 2-5 adhlacadh mórthaibhseach ón 16ú céad RC, le maisc bháis óir, seodra, soithigh óil is airm. Cheap Schliemann gurbh iad uaigheanna Agaimeimneoin is Chlítiméastra as Íliad is Odaisé Hóiméir iad, ach níl aon bhunús leis sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uaigheanna sloic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 685.