Tyrannosaurus rex

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An t-ainmhí feoiliteach tíre is mó riamh ar Domhan, dineasár a bhí i mbarr a réime sa tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin. Timpeall 12 m ar fhad, blaosc ollmhór air, le gialla doimhne is fiacla cosúil le miodóga. A eireaball matánach trom. Mionghéaga tosaigh air, gan ach dhá mhéar orthu araon. Ghluaiseadh sé go mall, 4 km u-1 ar a mhéid. Meastar gur chartóir é seachas sealgaire gníomhach.