Txillardegi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Txillardegi sa bhliain 2007

Teangeolaí, polaiteoir, agus scríbhneoir Bascaise ab ea José Luis Álvarez Enparantza (27 Meán Fhómhair 1929 – 14 Eanair 2012), nó Txillardegi, mar ab fhearr aithne air. Saolaíodh i San Sebastián (sa Spáinn) é, ach níor fhoghlaim sé an Bhascais nó go raibh sé 17. Mar sin féin, ghnóthaigh sé cáil mar dhuine de na daoine ba mhó tionchar ar náisiúnachas agus ar chultúr na mBascach sa dara leath den 20ú aois.

Saothar liteartha agus acadúil[athraigh | edit source]

Dhein Álvarez Enparantza (nó Emparanza, mar a chuirtí Spáinnis ar shloinneadh a mháthar ar uairibh) staidéar ar an innealtóireacht i mBilbao, agus ar an teangeolaíocht i bPáras. Sa bhliain 1957, dhein "ball comhfhreagrais" den Euskaltzaindia (Academia de la Lengua Vasca, Acadamh na Bascaise) de, agus ghlac an tAcadamh le formhór a chuid mholtaí maidir leis an ortagrafaíocht agus leis an morfeolaíocht do chaighdeán na Bascaise. Sa bhliain 1993, dhein ball de Choimisiún na Foghraíochta de chuid an Acadaimh de. Moladh dhá uair é mar bhall iomlán d'Euskaltzaindia, ach diúltaíodh dó ar chúiseanna polaitiúla. Nuair a bhí sé le moladh don tríú huair, dhiúltaigh sé féin don mholadh.

Dhein sé cion mhór san obair chun caighdeán na Bascaise a fhorbairt. Bhí an fhealsúnacht a bhí aige bunaithe ar na pointí seo leanas:

  • má tá mionteangacha le maireachtaint sa saol nua-aimseartha, caithfidh siad a bheith ábalta deighleáil leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht;
  • gur cuid rí-thábhachtach den obair chun an teanga a nua-aimsearú is ea é caighdeán a fhorbairt don teanga;
  • gur féidir aon ábhar a phlé as aon teanga i slí a thuigfí, ach "am, iarracht, agus intleacht" a chur chuige;
  • agus gurb é an phríomh-ghné, i measc gnéithe eile, a fhágfadh gur Bascach é aon duine ar leith (nó an tír féin) ná cumas sa Bhascais.

Teangeolaí agus scríbhneoir aitheanta ab ea é chomh maith, agus d'úsáideadh sé na hainmneacha cleite Larresoro, Igara agus Usako. Is mó leabhar dá chuid atá foilsithe, don chuid is mó faoin mBascais agus faoi ghramadach na teangan. Tá úrscéalta agus aistí polaitiúla scríte chomh maith aige. Deirtear i leith a shaothair Leturiaren egunkari ezkutua (1957) gurb é an chéad úrscéal nua-aimseartha a scríobhadh as Bascais, agus is líne shoiléir é a dheineann dhá leath de litríocht na Bascaise. I measc na nithe eile a scríobh sé tá na húrscéalta Haizeaz bestaldetik (1979) agus Putzu (1999); na haistí clúiteacha Huntaz eta hartaz (1965), Hizkuntza eta pentsakera (1972) agus Euskal Herria helburu (1994), agus na leabhair acadúla Euskal fonologia (1980), Euskal azentuaz (1984) agus Elebidun gizartearen azterketa matematikoa (1984).

Sa bhliain 1968 bhuaigh sé duais Txomin Agirre as an úrscéal Elsa Scheelen. Bhuaigh sé duais Andima i gCaracas sa bhliain 1969 chomh maith, as leabhair ar mhúineadh na matamaitice. Bhuaigh sé an Silver Lauburu as an leabhar Euskal Gramatika i mBilbao sa bhliain 1980.

Sna 1970í, bhí Txillardegi ar dhuine de chomhbhunaitheoirí Euskal Herrian Euskaraz, gluaiseacht na Bascaise. Sa bhliain 1982 thosnaigh sé ag léachtóireacht i nOllscoil Thír na mBascach, dhein ollamh emeritus de chuid na hOllscoile sin de ina dhiaidh sin.

I mbunachar Inguma, comhphobal eolaíoch agus intleachtúil na mBascach, tá tagairtí d'oiread le 122 earraí (páipéirí, leabhair, léachtaí, srl) a chruthaigh Txillardegi.

Gníomartha polaitiúla[athraigh | edit source]

Ball de Pháirtí Náisiúnach nam Bascach (PNV) ab ea é nuair a bhí sé óg; bhí sé go gníomhach ar son chosaint agus staidéar na Bascaise mar bhunús féiniúlacht na mBascach.

Tháinig díomá air leis an PNV, agus ina dhiaidh sin, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí ETA sa bhliain 1959, mar aon le grúpa de náisiúnóirí óga, agus bhí sé le haithint mar cheann bhrainse chultúrtha na gluaiseachta. Sa bhliain 1961 theith sé ar a choimeád agus mhair sé i bPáras agus sa Bhruiséil; d'fhill sé sa bhliain 1967. Sa bhliain 1976, i bpáirt le Iñaki Aldekoa, bhunaigh sé páirtí polaitiúil, Euskal Sozialista Biltzarrea (ESB: Congreso de Socialistas Vascos, Chomhdháil Shóisialacha na mBascach). Ghlac Txillardegi páirt i mbunú Herri Batasuna sa bhliain 1977, agus toghadh ina sheanadóir é i gcomhghuaillíocht abertzale sa chéad toghchán.

Ó tháinig sé ar an tuiscint nach raibh éifeacht chóir leis an gcoimhlint armtha, bhí sé gníomach tamall i nAralar, agus ina dhiaidh sin chuir sé faid idir é féin agus an choimhlint armtha nuair a ghlac an pháirtí páirt i ngíomh páirtíochta leo siúd a fhulaing an foiréigean ó ETA, ócáid a eagraigh rialtas Thír na mBascach. Sheasamh sé i dtoghcháin na gcathrach mar chuid den chomhghuaillíocht Ezker Batua Berdeak (Izquiera Unida - Verdes, An Eite Chlé Aontaithe - na Glasaigh). Sa toghchán ginearálta sa bhliain 2008, d'fhógair sé go mbeadh sé ina iarrthóir don Seanad don pháirtí Eusko Abertzale Ekintza (Acción Nacionalista Vasca, Gníomh Náisiúnach na mBascach) do cheantar Guipúzcoa.

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Aizpuru, Alaitz 2012: "Existentzialismoaren hastapenak Euskal Herrian: Leturiaren egunkari ezkutua" in Alaitz Aizpuru(koord.), Euskal Herriko pentsamenduaren gida, Bilbo, UEU. ISBN 978-84-8438-435-9
  • Azurmendi, Joxe 1999: Txillardegiren saioa: hastapenen bila, Jakin, 114: 17-45.
  • Azurmendi, Joxe 2000: "Kierkeggard-en <<egunkari ezkutua>>" in Txipi Ormaetxea (arg.), Txillardegi lagun giroan, Bilbo: UEU ISBN 84-8438-007-6
  • Hegats. Literatur aldizkaria. 49. ISSN 1130-2445
  • Olaziregi, Mari Jose 2012. Basque Literary History, Reno, Center for Basque Studies/University of Nevada ISBN 978-1-935709-19-0
  • Sudupe, Pako 2011: 50eko hamarkadako euskal literatura I: hizkuntza eta ideologia, Donostia, Utriusque Vasconiae. ISBN 978-84-938329-4-0
  • Sudupe, Pako 2011: 50eko hamarkadako euskal literatura II: kazetaritza eta siakera, Donostia, Utriusque Vasconiae. ISBN 978-84-938329-5-7
  • Sudupe, Pako 2012: "Ideologia eztabaidak 50eko hamarkadan" in Alaitz Aizpuru (koord.), Euskal Herriko pentsamenduaren gida, Bilbo, UEU. ISBN 978-84-8438-435-9