Turlach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cineál locha is ea an turlach a imíonn as amharc uaireanta agus atá le fáil d'fhormhór i limistéir aolchloiche laistiar d'Abhainn na Sionainne. Is minic turlaigh le fáil i limistéir bhoireannacha, agus is annamh a gheofá lasmuigh d'Éirinn iad, cé go bhfuil ceann i Llandeilo sa Bhreatain Bheag[1].

Cuireann a lán eolaithe an-suim iontu: is mian le geomoirfeolaithe a fháil amach cén chaoi ar cumadh na turlaigh, déanann hidreolaithe taighde ar thuile na dturlach, déanann luibheolaithe taighde ar an bhfásra neamhchoitianta a bhaineann leo, agus scrúdaíonn na míoleolaithe a bhfuil d'ainmhithe ann.

Turlach sa Charn i gContae an Chláir

Turlaigh shéasúracha[athraigh | edit source]

Tuileann formhór na dturlach san Fhómhar, i Mí Dheireadh Fómhair de ghnáth, agus triomaíonn siad idir Mí Aibreáin agus Mí Iúil. Tá turlaigh sa Bhoireann a thuileann i gceann cúpla uair an chloig tar éis báisteach throm agus a d'fhéadfadh trá arís i gceann cúpla lá. Téann an taoide i bhfeidhm ar roinnt turlach: líonann agus tránn Loch Chathair Ghlasáin de ló is d'oíche sa samhraidh agus é cúig chiliméadar ó Chuan na Gaillimhe. Bíonn an chuid is mó de na turlaigh dhá mhéadar ar doimhne, ach tá cuid acu níos doimhne fós; tá turlaigh ann i ngar do Ghort agus iad timpeall cúig mhéadar ar doimhne i lár an gheimhridh. Tá cuid acu níos leithne ná a chéile: tá tuarlach Ráth Asáin, atá laistiar de Chreachmhaoil i gContae na Gaillimhe, tá sé ar an gceann is mó in Éirinn, agus é timpeall dhá chiliméadar ar leithead.

Foirmíocht[athraigh | edit source]

I limistéir aolchloiche atá na turlaigh uile le fáil. Is é an chúis atá leis seo gur féidir le fearthainn an aolchloch a leá, go háirithe má tá an fhearthainn úd aicídithe de bharr dé-ocsaíd charbóin a thabhairt léi anuas ón atmaisféar. Méadaítear gága na cloiche i dtreo gur féidir leis an bhfearthainn uile dul faoi thalamh, í ag imeacht trí bhearnaí a d'fhéadfadh a bheith chomh cúng le scoilt nó chomh leathan le huaimh. Sa chás sin deirtear go bhfuil an aolchloch carstaithe. Lastoir d'Abhainn na Sionainne is minic an aolchloch clúdaithe le síobán oighearshruthach, ach is gann é an síobán úd thiar, rud a fhágann nach bhfuil gréasán ceart aibhneacha ann toisc go dtéann an t-uisce síos tríd an gcloch agus go n-éiríonn aníos ina fhuaráin. Tá fuaráin mhóra le fáil thiar agus iad ag soláthar uisce chun na Coiribe agus chun Cuan na Gaillimhe.

Nuair a éiríonn an maoschlár sa gheimhreadh agus nach féidir leis na bealaí faoi thalamh an oiread sin uisce a iompar, b'fhéidir go dtiocfadh uisce maoschláir ar barr ina thurlach.

Is minic nach bhfuil sna haibhneacha thiar ach roinnt turlach atá innealtóirí draenála a cheangal dá chéile ón 19ú haois i leith. Mar seo a rinneadh Abhainn an Chláir, agus gan sa chuid lárnach di ach turlach mór, an ceann ba mhó in Éirinn, agus é 6.5 ciliméadar ar leithead.

Súmairí[athraigh | edit source]

Is gnách le turlaigh líonadh agus trá trí shúmairí. Ní gá gur poill iad siúd; b'fhéidir nach mbeadh iontu ach log agus púróga istigh ann. Uaireanta tá fuarán in áit amháin agus súmaire in áit eile, ach de ghnáth déantar idir líonadh agus thrá san áit chéanna. Tá cúpla turlach á gcothú ag aibhneacha agus ag uisce aníos araon.

An t-uisce a thránn i súmaire téann sé faoi thalamh agus anonn chun fuaráin a d’fhéadfadh a bheith roinnt ciliméadar as sin. De ghnáth is mór an mhoill a bheadh ar uisce agus é ag imeacht trí charraige, gan de luas faoi ach cúpla méadar sa lá nó cúpla ceintiméadar féin. In aolchloch charsaithe is annamh moill air: b’fhéidir go mbeadh sé ag gabháil 100 méadar san uair ag imeacht ón turlach dó.

Cailc charbóin[athraigh | edit source]

Tá aolchloch déanta de chailc charbóin, agus fágann an t-uisce ina dhiaidh ina screamh bhán í ag trá dó sa turlach. Agus an t-uisce ag teacht ar uachtar, tugann sé dé-ocsaíd charbóin uaidh don atmaisféar agus do phlandaí, rud eile is cúis le screamh chailc charbóin a bheith ann mar dhríodar. Uaireanta tá deasca liathbhán le fáil i dturlaigh thráite agus cuma páipéir air. Tá sé déanta de snáithíní algaí a fhásann go borrúil le linn na haimsire breá.

Is minic atá deasca bán nó bánbhuí le fáil faoin bhfásra nó faoin móin. Níl as “mharla bán” seo ach cailc charbóin. Tá sé le fáil i leath na dturlach nó mar sin, agus fágadh ann é na mílte bliain ó shin nuair a bhíodh na turlaigh lán go bruach ar feadh na bliana.

Plandaí agus ainmhithe[athraigh | edit source]

Bíonn féar lingeach gearr, cíob agus luibheanna ag fás sa chuid is mó de na turlaigh. Sa Bhoireann is minic tor cúigmhéarach na mbláthanna buí (Potentilla fruticosa) agus rú léana ina gcomhartha ar theorainn uachtair an uisce. Níos faide síos bíonn sailchuach chon ag fás, agus i dturlaigh éigin bheadh Viola persicifolia, planda gann, le fáil méadar síos arís; bíonn magairlín corraigh agus lus cré ag fás ar thaobhanna an dturlach, agus bíonn briosclán ag fás leath slí síos agus ar thóin na dturlach is éadoimhne.

Má tá limistéar riascach gar don súmaire b’fhéidir go mbeadh mismín, duileasc abhann agus glasair léana bheag ann, in éineacht le féar altach agus le Ranunculus flammula. Ní bhfaighfeá i bhformhór na súmairí triomaithe ach carraigí, agus caonach dubhaithe tirim orthu - Cinclidotus agus sailchaonach.

Bíonn ainmhithe ann: froganna, eirc, snáthaidí mara a chónaíonn sna tuarlaigh is mó agus a mhaireann i ngága faoi thalamh nuair a thránn an t-uisce. Is é an scéal céanna ag ribí róibéis agus ag míolta uisce é, agus san áit nach mbíonn iasc bíonn dreancaidí uisce agus séaclaí, iad ag síolrú agus ag fás go tapa. Is minic leithphéistí agus seilidí iomadúil, agus iad beo i mbéal fuaráin nó i riasc in aimsir thirim.

Má tá uisce le fáil ar feadh na bliana beidh éin ann. Tá iomrá ar Ráth Asáin i gContae na Gaillimhe agus an oiread sin géanna bánéadanacha, ealaí glóracha, lachan rua agus praslachain ann, gan trácht ar lapairí sa gheimhreadh.

Caomhnú na dturlach[athraigh | edit source]

Is iad na rudaí is mó a chuireann na turlaigh i gcontúirt an draenáil, an iomarca innilte, an t-eotrófú, baint na móna agus an mharla, oibriú na gcairéal, áitriú spréite, úsáid an uisce agus athrú aeráide. [2]

Is maith an áit iad na turlaigh chun beithígh a chur ag innilt, agus glár aoil á fhágáil ann. Ach is iomaí feirmeoir ar dóigh leis go mbíonn talamh maith á chur amú ag an tuile gheimridh agus gur fearr na turlaigh a dhraenáil. Dá bhrí sin, déantar clais a bhaint trí lár an turlaigh chun uisce breise a thabhairt amach, go minic mar chuid de scéimeanna móra draenála. Tá an tríú cuid de thurlaigh na hÉireann triomaithe cheana agus tá an obair ar siúl i gcónaí. Ar an drochuair, ní maith an rud é ó thaobh na timpeallachta de: ní féidir le hainmhithe agus le plandaí na dturlach teacht slán gan tuile shéasúrach. Ní gá go rachadh sé ar sochar don fheirmeoir féin, mar cailleann an talamh an glár agus níl de leigheas air sin ach leasú ceimiceach a úsáid, ábhar a ritheann chun srutha. Chomh maith leis sin, b'fhéidir nach mbeadh an ithir thanaí in ann satailt na gcrúb a sheasamh i rith an gheimhridh.

Tá turlaigh luaite anois ag an AE mar ghnáthóga tábhachtacha agus mar éiceachórais screamhuisce. Dá bhrí sin ní mór measúnacht agus monatóireacht a dhéanamh ach baint a bheith ag an gcaomhnú le rudaí atá ag dul i bhfeidhm ar oibriú na dturlach. Deir lucht taighde go bhfuil práinn le plean caomhnaithe agus gur gá eolas níos fearr a fháil dá bharr ar chúrsaí éiceahidreolaíochta san abhantrach agus sna turlaigh féin.[3]

Tríd is tríd, is cimíneachtaí iad na turlaigh agus iad i seilbh an stáit nó na bhfeirmeoirí. Aithnitear gur gá dul chun cainte leis an oiread úinéirí agus is féidir chun taighde agus measúnacht a dhéanamh ar na láithreáin. Síleadh tráth go raibh méid 81.6 ciliméadar cearnach sna turlaigh ina n-iomláine, ach dealraíonn sé anois gur meastachán iomarcach é sin. Meastar anois gurb é is dóichí gur meánmhéid deich heicteár atá san 204 turlach atá ann.

Láithreacha Taighde[athraigh | edit source]

Ag seo cuid de na háiteanna atá á scrúdú ag lucht taighde:

  • Lough Gealain
  • Lough Coy
  • Tulach na bhFrancach

Tagairtí[athraigh | edit source]

Leabhair agus eile[athraigh | edit source]

  • National Parks and Wildlife Service (c. 1980). Wetlands Discovered. (Ar fáil ó Dhúchas.)
  • O'Gorman, F. (1979). The Irish Wildlife Book, Irish Wildlife Publications, Dublin. Lgh 58-60.
  • Praeger, R. Lloyd (1950). The Natural History of Ireland, Collins, Ireland.
  • Webb, D.A. & Scannell, M. (1983). Flora of Connemara and the Burren. Royal Dublin Society, Cambridge.

Naisc Eachtracha[athraigh | edit source]