Tulsa (Oklahoma)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Tulsa City of Tulsa |
|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Stát: | Oklahoma |
| Méara: | Kathy Taylor (D) |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 483.8 km² |
| Daonra: | 384,037 |
| Dlús daonra: | 819.91/km² |
| Airde: | 194 m |
| www.cityoftulsa.org | |
Is í Tulsa an dara cathair is mó i stát Oklahoma, agus an cúigiú cathair is daichead is mó sna Stáit Aontaithe. Is í príomhbhaile chontae Thulsa í.
Ba lonnaíocht de chuid na Muscógach í Tulsa sna 1830í. Tháinig an t-ainm ó Tallasi, focal a chiallaíonn 'seanbhaile' i Muscóigis.
Go luath sa 20ú aois tugadh "Príomhchathair Ola an Domhain" ar Thulsa mar gheall ar a thionscal ola. Ins hochtóidí, áfach, tugadh an teideal do Houston i dTexas agus an ola á hídiú timpeall Thulsa féin.
Tá iomrá ar Leabharlann McFarlin in Ollscoil Tulsa de bharr a bhfuil de bhunleaganacha shaothair James Joyce ann.