Tuinnín eite buí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Speiceas tuinnín atá forleathan in uiscí dromchlacha na farraige trópaicí is measartha te. Suas le 2 m ar fhad, stráice órga ar feadh taobh na colainne, na heití droma is an eite thimpireach buí. Itheann sé éisc dhromchlacha, ina measc éisc eitilte is preabairí chomh maith le scuideanna is crústaigh. Iascaireacht an-trom á déanamh air.