Tuaradh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baint an datha amach ó theicstílí, páipéar nó ábhair eile. Rinneadh go traidisiúnta ar theicstílí é trí nochtadh do sholas na Gréine go dtí an 18ú céad. Tar éis fionnadh an chlóirín ag Carl Scheele (1742-1786) i 1774 agus cumas tuartha an chlóirín ag Berthollet i 1785, rinneadh tuaradh le ceimiceáin den chuid is mó. Baineadh feidhm as méid ollmhór púdar tuartha thar na blianta gur cuireadh clóirín íon saor is fochlóirít sóidiam ina ionad sna 1920idí. Tá tuarthóirí optúla ann freisin: ní bhaineann siad seo an dath chun siúil, ach is amhlaidh a chuireann siad astaíocht fhluaraiseach le bundath na teicstíle.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tuaradh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 681.