Tuar Mhic Éadaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tuar Mhic Éide)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTuar Mhic Éadaigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°39′00″N 9°22′00″W / 53.65°N 9.3667°W / 53.65; -9.3667
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla172.26 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde58 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1375331

Baile i ndeisceart Chontae Mhaigh Eo is ea Tuar Mhic Éadaigh.[1] Tá sé ar an limistéar Gaeltachta is faide ó thuaidh i gceantar Gaeltachta Dhúiche Sheoigheach, ceantar a shíneann thar theorainneacha sléibhtiúla na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Cuimsíonn ceantar Thuar Mhic Éadaigh an stráice talún idir Loch Measca agus Sléibhte Phartraí a shíneann ó theorainn na Gaillimhe ag Droichead an tSnámha (sna Fionnaithe) sa deisceart go Droichead Dhoire Mhór (i gceantar na Sraithe) sa Tuaisceart. Cé gurb é Tuar Mhic Éadaigh príomhbhaile an cheantair tá na Fionnaithe, Coill an tSidheáin agus an tSraith fós ag feidhmiú mar mhionbhailte sa cheantar. Bhunaigh Conradh na Gaeilge Coláiste Chonnacht i 1905, áit a deirtear a chuir Éamon De Valera agus Sinéad Ní Fhlannagáin aithne ar a chéile. Ba choláiste Gaeilge a bhí ann do mhúinteoirí Gaeilge agus do lucht an chonartha. Bhunaigh Gaeltarra Éireann monarcha cniotála i bhfoirgneamh an choláiste blianta ina dhiaidh sin. Tá monarcha cniotála ag Gaeltarra Éireann ar an mbaile fós. Tá Coláiste Muire, meánscoil lán-Ghaeilge suite ar bhruach Loch Measca. Ba choláiste ullmhúcháin do mhúinteoirí a bhí ann i dtosach, ansin meánscoil chónaithe do chailíní faoi chúram Shiúracha na Trócaire, sula dearnadh meánscoil lae as. Tá an ceantar suite ar bhruach thiar Loch Measca agus bhí giota beag den cheantar ó dheas i gCo. na Gaillimhe go dtí 1898. Ar an 3ú Bealtaine, 1921, le linn Chogadh na Saoirse, tharla luíochán tábhachtach ar an mbaile.

Mhair an t-aisteoir Sasanach Robert Shaw (a bhfuil aithne mhaith air i ngeall ar na scannáin Jaws agus The Sting) ann i dTeach Droim Bán go dtí uair a bháis i 1978.

Rugadh an t-aisteoir Mick Lally ann i 1945. Is as baile Thuar Mhic Éadaigh do Mháire Ní Thuathail a bhunaigh EO Teilifís sa Spidéal.

Sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 áiríodh an toghroinn is faide ó dheas (Abhainn Bhrain - Maigh Eo) agus an toghroinn teorantach (An Ros - Gaillimh) i gCatagóir B agus na toghranna eile ar fad i nDúiche Sheoigheach i gCatagóir C.

An tEas i dTuar Mhic Éadaigh

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]