Trofim Denisovich Lysenko

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bitheolaí is fiseolaí plandaí a rugadh i gKarlovka na hÚcráine ab ea Trofim Denisovich Lysenko (1898-1976). Stiúrthóir ar Acadamh na nEolaíochtaí Talmhaíochta san Aontas Sóivéadach i 1938-1956 is 1958-1962. Tharraing sé míchlú air féin agus rinne dochar fadtréimhseach don talmhaíocht san Aontas Sóivéadach nuair a d'fhógair go raibh géinitic Mendel mícheart, ag cur an-chuid eolaithe Sóivéadacha den scoth ina dtost agus cosc ar a dtaighde.